Físeán Sruthaithe

Tuigeann Fíbín Teo chomh tábhachtach is atá ár léiriú de ‘An Triail’ le Máiréad Ní Ghráda do scoláirí na hardteistiméireachta. Mar sin, tá lúcháir an domhain ar Fíbín a fhógairt go mbeidh físeán sruthaithe ar líne, de léiriú ‘An Triail’ á chur ar fáil againn i Mí na Samhna.

Beimid á thaifeadadh i stiúideo teilifíse, dá bhrí sin feicfidh sibh an dráma ar bhealach nach bhfaca sibh riamh cheana é. Le sin, beidh seisiún ‘ Ceisteanna agus Freagraí’ ar fáil leis na haisteoirí agus an stiúrthóir. Agus é go léir ar fáil go slán sábháilte in bhur scoil féin.

Má tá fonn oraibh deis an léiriú uathúil seo a fheiceáil, ní mór r-phost a sheoladh chuig cillian@fibin.com.

Ba mhaith le Fíbín aitheantas a thabhairt do thacaíocht leanúnach Ealaín na Gaeltachta, Foras na Gaeilge agus an Chomhairle Ealaíon agus An Triail á léiriu againn.

Costas: €7.50 an dálta/ €500 an scoil ar a mhéad (aon uaire)

Áirithint: cillian@fibin.com/ 091505855/ www.fibin.com

Dátaí: Mí na Samhna

a k


Faigh an Nuacht is Déanaí ó nuachtlitir Fíbín