Fiach – Drive-In

FIACH DRIVE-IN DRÁMA

Ionad: An Dubhlann (Dyke Road Car Park)

Dátaí: 9-14 Samhain 2020

Am: 8.30pm

Ticéidí: €35 (an carr)

Beidh fotheidil i mBéarla mar chuid den léiriú.

TÁIMID AR AN MBÓTHAR ARÍS!!!

De bharr an éilimh, tá ríméad ar Fíbín, i gcomhpháirt leis An Taibhdhearc a fhógairt athléirú ar an dráma FIACH le Philip Doherty. Ina dhiaidh an seó a bheith díolta amach i gConamara, tá Fibín ag tógáil FIACH ar an bhóthar. Bhí éileamh mór ar an seó i ndiaidh dó bheith díolta amach i gConamara thar thréimhse 10 lá agus is ar an gcúis sin atá Fíbín ag tabhairt faoin gcamchuairt.

Tiomáin chuig fiántas na Gaillimhe agus bí i láthair ag seó beo a thabharfaidh ar aistear grinn, drámaíochta agus iontais tú. Beidh do chroí i do bhéal ag FIACH agus an t-atmaisféar céanna agus a bheadh ag ceolchoirm rac-cheoil ann, tú faoi gheasa ag draíocht na scannánaíochta agus ag dlúthchaidreamh an dráma raidió. Gach rud a d’airigh tú uait le tamall…beidh sé ann.

Siad na haisteoirí iomráiteacha Fionnuala Flaherty, buaiteoir gradam IFFL, agus Dara Devaney, buaiteoir gradam IFTA, a ghlacfaidh príomhróil an dráma agus a léireoidh scéal an gharda reibiliúnach atá sa tóir ar mhaistín áitiúil agus a leanann isteach sa domhan thíos é. Is é FIACH an léiriú is deireanaí ó Stiúrthóir Ealaíne Fíbín, Philip Doherty, atá tar éis na gradaim ‘Best Irish Film’ agus ‘Best Irish First Feature’ a bhuachan ag an Galway Film Fleadh, lena scannán Redemption of a Rogue.

‘Even if we were living through ordinary times, Fiach would be a terrific theatrical experience. In a time of Covid-19, it’s more than that.’
Judy Murphy, Connacht Tribune

“extraordinary… an exceptional night…”
Janice De Broithe Stage Door live

Is é FIACH an chéad dráma drive-in Gaeilge in Éirinn agus ba mhaith le Fíbín aitheantas a thabhairt do thacaíocht Comhairle Cathrach na Gallimhe agus amharclann an Black Box chomh maith le tacaíocht leanúnach Ealaín na Gaeltachta, Foras na Gaeilge agus an Chomhairle Ealaíon agus FIACH á stáitsiú.

Faigh an Nuacht is Déanaí ó nuachtlitir Fíbín