Tóraíocht sa Dubhlann, Gaillimh 10-13 Samhain

4-cearnog-toraiocht

TÓRAÍOCHT

Léiríonn Fíbín Tóraíocht – leagan nua den scéal Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne – curtha in oiriúint agus stiúrtha ag Mikel Murfi agus scríofa ag Philip Doherty. Is scéal grá lán le héachtaí aisteacha agus fathaigh é Tóraíocht a úsáideann amharcíomhánna cumhachtacha. Bogann an scéal ar aghaidh níos tapa ná haon rás carranna, léimeann an scéal níos airde ná haon léimneoir cuaille agus tá dhá oiread grá sa scéal agus a bheadh ag aon Fhrancach agus Diarmaid agus Gráinne ag déanamh iarracht a bheith céim chun tosaigh ar Fionn agus na Fianna!

Tá cliar iontach againn sa dráma – Lesley Conroy, Kate Finegan, Liz Fitzgibbon, Jonathan Gunning, Fionnuala Gygax, agus Seán T. Ó Meallaigh.

Beidh fotheidil Bhéarla le gach léiriú.

DÁTAÍ
Déardaoin 10 Samhain 8i.n (réamhléiriú)
Dé hAoine 11 Samhain 2.in & 8i.n
Dé Sathairn 12 Samhain 8i.n
Dé Domhnaigh 13 Samhain 2i.n

TICÉID: €15 / €13
Ráta speisialta €10 le haghaidh grúpaí thar 20, daltaí iar-bhunscoile agus mic léinn sa tríú leibhéal.

Cuir do thicéad in áirithe ar líne anseo nó ar an nguthán ar 091-569777

Le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon agus RTÉ Supporting the Arts

AC_FUND_Theatre-300x143

rte_sta_logo_full_color_white_back_rgb_jpg

f m


Faigh an Nuacht is Déanaí ó nuachtlitir Fíbín