Tóraíocht Dhiarmada & Ghráinne faoi lánseol

Tá Corcaigh sroichte ag an Tóraíocht – beidh mórdhráma Gaeilge na bliana stiúrtha ag Mikel Murfi ar stáitse san Everyman anocht ag 8i.n

Bhí oíche oscailte iontach againn in Amharclann Halla na Cathrach i nGaillimh agus tá an chliar agus an criú ar bís leis an bhfreagairt dhearfach ón lucht féachana go dtí seo. Cúpla seans fós agaibh an dráma a fheiceáil roimh dheireadh na camchuairte.

DÁTAÍ
The Everyman, CORCAIGH: 13 Aibreán, Guth: 021 450 1673
Draíocht, BAILE ÁTHA CLIATH: 17 & 18 Aibreán, Guth: 01 885 2622
VISUAL, CEATHARLACH: 26 Aibreán, Guth: 059 917 2400

Tá cliar iontach againn sa dráma – Gráinne Bleasdale, Kate Finegan, Liz FitzGibbon, Fionnuala Gygax, Méabh Ní Chualáin agus Seán T. Ó Meallaigh.

Tá seónna speisialta do ghrúpaí meánscoile le linn an lae i ngach ionad. Faigh an pacáiste réamh-rannpháirtíochta do scoileanna ar ár suíomh anois.

Beidh fotheidil Bhéarla le gach léiriú.

Cuir bhur dticéid in áirithe anseo. Tá an seó feiliúnach d’aoisghrúpa 12 bliain d’aois ar aghaidh! Féach blaisín anseo den léiriú!

Bígí linn chun 15 bliain de dhrámaí Fíbín a cheiliúradh linn!!

f m


Faigh an Nuacht is Déanaí ó nuachtlitir Fíbín