Tá Fíbín ar ais le seó nua do pháistí bunscoile – Jeramaí, Hartleby agus OoogleMór

Tugann an seó is déanaí seo ó Fíbín gach mothúchán le chéile a bhraith tú riamh mar pháiste agus tú ag caitheamh lá cois trá. Tá sé díreach ar nós tuáille mór deas te teolaí a fháisceadh timpeall ort féin tar éis a bheith ag snámh san fharraige fhuar. Seó é do lucht féachana ag gach aois – ó naíonáin go dtí a seanmhuintir. Ní labhraítear ach trí fhocal le linn an seó agus is meabhrúchán maith dúinn é seo ar a laghad cumarsáid is gá a dhéanamh chun go dtiocfaidh na mothúcháin is casta amach. Cluiche áthasach atá ann le lucht féachana.

Tá Jeramaí, Hartleby agus OoogleMór cois trá. Tá go leor ag tarlú – caitheann Hartleby go leor ama ag tabhairt orduithe agus é ag iarraidh an áit is fearr ar an trá a aimsiú. Tosaíonn OoogleMór ag damhsa agus ag déanamh gaisce ach buaileann sé an liathróid go róchrua, cailleann sé é agus milleann sé an cluiche. Imíonn Hartleby leis agus é crosta. Cuireann Jeramaí gach rud ina cheart arís.

Baineann Jeramaí, Hartleby agus OoogleMór sásamh agus só as a soineantacht álainn agus as a n-amaideacht aoibhinn féin. Tagann an triúr seo le chéile agus neart le rá acu ach gan ach trí fhocal acu lena rá.

Tá an seó feiliúnach do pháistí idir 4-8 mbliana d’aois agus mairfidh sé 50 nóiméad.

Ionaid agus Dátaí 2018

  • 20 & 21 Meán Fómhair: 10.30r.n & 12i.n – Seanscoil Sailearna, Indreabhán, Co. na Gaillimhe – Ticéid ó Fíbín: eolasfibin@gmail.com / 091 505855
  • 25 Meán Fómhair: 10.30r.n & 12i.n – Mullingar Arts Centre, Mullingar, Co. Westmeath
  • 1 Deireadh Fómhair: 10.30r.n & 12i.n – VISUAL Carlow,Ceatharlach – Guth: (059) 917 2400
  • 4 Deireadh Fómhair: 10.30r.n & 12i.n – Ionad na nGleannta, Cluainín, Contae Liatroma
  • 6 Deireadh Fómhair: 2i.n – Féile Wainfest, Amharclann Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall
  • 9 & 10 Deireadh Fómhair: 11r.n & 7i.n – Belltable, Luimneach mar chuid d’Fhéile Bualadh Bos 2018
  • 12 Deireadh Fómhair: 10.30r.n & 12i.n – Axis, Baile Átha Cliath

Tá Fíbín agus an criú uile ag súil go mór le fáite a chur romhaibh chuig ár seónna le linn na camchuairte.

f m


Faigh an Nuacht is Déanaí ó nuachtlitir Fíbín