Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí i Fíbín – Fanaigí Linn

Ar an Aoine 25 Bealtaine 2018, cuirfear i bhfeidhm an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí. Tá sé tábhachtach dúinn meas a léiriú do bhur sonraí. Tá muid ag tabhairt faoi chúpla céim chun a chinntiú go gcloíonn muid leis an rialachán nua seo de chuid an AE maidir le cén chaoi a stóráiltear agus a phróiseáiltear eolas pearsanta.

Tá do chuid sonraí mar chuid dár mbunachar sonraí faoi láthair mar gur chláraigh tú lenár Nuachtlitir agus gur léirigh tú suim i Fíbín. Chuige sin, glacann muid leis go bhfuil suim dlisteanach ann chun teagmháil a dhéanamh leat.

Má tá tú sásta leis sin agus ma tá tú sásta leanúint ar aghaidh ag fáil na scéalta is déanaí ó Fíbín díreach isteach i do bhosca isteach ní gá duit aon rud a dhéanamh. Má athraíonn tú d’intinn amach anseo, cliceáil ar an nasc unsubscribe from this list ag bun aon Nuachtlitir a sheolann muid amach.

Dá mb’fhearr leat go mbainfí dár liosta tú, cliceáil ar an nasc unsubscribe from this list ag bun an ríomhphoist seo. Má athraíonn tú d’intinn, ná bí buartha, is féidir leat clárú arís ar ár suíomh gréasáin ag am ar bith.

f m


Faigh an Nuacht is Déanaí ó nuachtlitir Fíbín