Oifigí nua Fíbín ar tí oscailt le mórléiriú físiúil amharclannaíochta amuigh faoin aer ‘Cath na Ceathrún Rua’

 

Tá Fíbín chun mórléiriú lasmuigh ina spás nua buan ar an Tualch a stáitsiú ar an gCéadaoin 21 Lúnasa le linn ócáid cheiliúrtha oscailt oifigiúil na n-oifigí nua. Seo seó scríofa agus stiúrtha ag stiúrthóir ealaíne nua Fíbín, Philip Doherty faoi ‘Cath na Ceathrún Rua’. Seó atá bunaithe ar fhíorscéal a thit amach sa mbliain 1880, uair ar chuir tionóntaí Éireannacha stop le díshealbhú den chéad uair riamh i stair na tíre. Bígí linn don mhórléiriú seo nuair a thiocfaidh foireann aisteoirí gairmiúla agus grúpa aisteoirí, ceoltóirí agus damhsóirí pobail le chéile chun scéal an chatha a  thabhairt ar ais chun cuimhne arís.

DÁTAÍ
Dé Céadaoin 21 Lúnasa ag 9i.n
Déardaoin 22 Lúnasa ag 9i.n
Dé hAoine 23 Lúnasa ag 9i.n

TICÉID
Tá na seónna uile saor in aisce ach ní mór ticéad a chur in áirithe roimh ré ar Eventbrite ag an nasc seo

f m


Faigh an Nuacht is Déanaí ó nuachtlitir Fíbín