Finscéal Fíbín
Tá Fíbín Teo. a bhfuil tóir an phobail orthu agus atá tar éis a bheith ar chamchuart le cheithre léiriúchán i 2011 chun Fínscéal Fíbín – Stair Ghearr de Theanga na Gaeilge a athbheochan i 2012. Léiríodh an dráma ag roinnt féilte timpeall na tíre, ó thuaidh agus ó dheas, agus d’éirigh leo slua mór a mhealladh chuig an puball amharclainne ag Electric Picnic i 2011.
Is féidir an dráma a chur in oiriúint do réimse spásanna ó leabharlanna go scoileanna chomh maith le hAmharclanna. Tá sé feilliúnach do dhaoine ó 12 d’aois ar aghaidh. Maireann sé thart ar chaoga nóiméad agus togann sé thart ar dhá uair a chloig an seit a shocrú suas. Déanann Fínscéal Fíbín cur síos greannmhar ar na rudaí a mhunlaigh ár dteanga dhúcais thar na mílaoiseanna. Léirítear é i stíl leithleach Fíbín ag baint úsáid as púipéid, maisc agus cur i láthair idirghníomhach a dhéanann teanga na Gaeilge tharraingteach agus ghreannmhar. Rinne Gaelchultúr cur síos ar an dráma mar ‘seó dén scóth’.


