Nuachtlitir Meán Fómhair 2016

TÓRAÍOCHT 1

TÓRAÍOCHT le Mikel Murfi

Déardaoin – Dé Sathairn 10-12 Samhain @8i.n
Léiriú iarnóna: Aoine & Domhnach 11 & 13 Samhain @2i.n.

Ticéid: €15 / €13 ar lacáiste

Léiríonn Fíbín Tóraíocht –  leagan nua den scéal Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne – stiúrtha ag Mikel Murfi agus scríofa ag Philip Doherty. Is scéal grá lán le héachtaí aisteacha agus fathaigh é Tóraíocht a úsáideann téacs dátheangach agus amharcíomhánna cumhachtacha! Bogann an scéal ar aghaidh níos tapa ná haon rás carranna, léimeann an scéal níos airde ná haon léimneoir cuaille agus tá dhá oiread grá sa scéal agus a bheadh ag aon Fhrancach agus Diarmaid agus Gráinne ag déanamh iarracht a bheith céim chun tosaigh ar Fionn agus na Fianna!

Stair Wars BaileStair Wars
Fíbín ag an bPicnic Leictreach! Beidh Stair Wars le Stephen Darcy le feiceáil san Puball Gaeilge i láthair an MindField sa tSráidbhaile i gCo. Laoise Dé Domhnaigh ag 4i.n. Bígí linn! Tá na sonraí go léir anseo.

Mac Piarais website sliderMac Piarais i bPictiúir
Mac Piarais i bPictiúir ar ais i gConamara an mhí seo. Is féidir an seó a fheiceáil ag Féile Ealaíne an Chlocháin ar an 20ú Meán Fómhair agus ag Oireachtas Chois Fharraige, Indreabhán ar an 23ú Meán Fómhair. Tuilleadh eolais anseo.

An Triail 2016

An Triail 
Tá ticéid do An Triail ar díol anois ó gach amharclann! Beidh muid i Luimneach, i gCeatharlach, i gCorcaigh, i mBaile Átha Luain, i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh i mí D. Fómhair. Tuilleadh eolais anseo.

f m


Faigh an Nuacht is Déanaí ó nuachtlitir Fíbín