Mí Aibreán buailte linn agus é in am do chamchuairt mhór ‘Tóraíocht’

An bhfuil bhur dticéid curtha in áirithe agaibh go fóill do mhórdhráma Gaeilge na bliana stiúrtha ag Mikel Murfi?

Is gearr uainn an oíche oscailte in Amharclann Halla na Cathrach i nGaillimh agus tá an chliar agus an criú ag súil go mór leis an gcamchuairt náisiúnta.

DÁTAÍ
Amharclann Halla na Cathrach, GAILLIMH: 9 & 10 Aibreán, Guth: 091 569777
The Everyman, CORCAIGH: 13 Aibreán, Guth: 021 450 1673
Draíocht, BAILE ÁTHA CLIATH: 17 & 18 Aibreán, Guth: 01 885 2622
VISUAL, CEATHARLACH: 26 Aibreán, Guth: 059 917 2400

Bígí linn agus muid ag ceiliúradh 15 bliain ar an bhfód agus muid ar an gcomhlacht drámaíochta Gaeilge is mó agus is gníomhaí sa tír. Tá sa bhreis ar 40 seó léirithe go dtí seo againn agus léirithe Fíbín feicthe ag lucht féachana sa bhreis ar 150,000 duine anseo in Éirinn agus thar lear.

Tá cliar iontach againn sa dráma – Gráinne Bleasdale, Kate Finegan, Liz FitzGibbon, Fionnuala Gygax, Méabh Ní Chualáin agus Seán T. Ó Meallaigh.

Tá seónna speisialta do ghrúpaí meánscoile le linn an lae i ngach ionad. Faigh an pacáiste réamh-rannpháirtíochta do scoileanna ar ár suíomh anois.

Beidh fotheidil Bhéarla le gach léiriú.

Cuir bhur dticéid in áirithe anseo. Tá an seó feiliúnach d’aoisghrúpa 12 bliain d’aois ar aghaidh! Féach blaisín anseo den léiriú!

Anonn libh chuig ár leathanach Facebook agus comórtas á rith againn chun ticéid a bhuachan chuig aon seó is main libh!!

f m


Faigh an Nuacht is Déanaí ó nuachtlitir Fíbín