‘Lóchrann Chonamara’

Ceiliúradh é ‘Lóchrann Chonamara’ ar Oíche Fhéile tSin Sheáin, a chuirfidh atmaisféar i láthair mar a bhíodh ag féile ársa i lár an tsamhraidh.

Athróidh an ceantar thart timpeall ar An Teach Dóite isteach ina fhéasta lán de chultúr na hÉireann, agus mar bhuaicphointe lasfar tine chnámh.

Beidh tine, bia, ceol, damhsa agus mórócáid amharclannaíochta ar siúl mar chuid den oíche nuair a thiocfaidh áilleacht fhiáin le chéile chun moladh a thabhairt do dhaoine beo agus na marbh.

 

Tá Fíbín, ceann de na comhlachtaí drámaíochta is spreagúla sa tír, i gcomhar le Gaillimh 2020, Cumann Forbartha Chois Fharraige, agus Comhairle Pobail An Fhairche ag tabhairt cuireadh do ghrúpaí drámaíochta i gceantar Chonamara chun páirt a ghlacadh sa cheiliúradh seo ar Oíche an Tine Chnámh ar an Teach Dóite. Oibreoidh grúpaí i gcomhar le Fíbín chun léiriú agus mórócáid a chruthú, a thabharfaidh beocht do cheiliúradh an tráthnóna, ag baint úsáid as gnéithe mar dhéantús maisc agus amharclannaíocht sráide.

Má tá tú ag iarraidh a bheith páirteach san ócáid díol suntais seo téigh i dteagmháil le philip@fibin.com le do thoil.

‘Tá maoiniú faighte ag an togra seo ó Gaillimh 2020 mar chuid den chlár Bailte Beaga Smaointe Móra’

f m


Faigh an Nuacht is Déanaí ó nuachtlitir Fíbín