Folúntas – Stiúrthóir Ealaíonta – Príomhfheidhmeannach Fíbín

Is é Fíbín an t-aon chomhlacht drámaíochta Gaeilge a théann ar camchuairt atá fágtha sa tír.  Tá Fíbín lonnaithe i gConamara ach é mar aidhm ag an gcomhlacht lucht féachana a aimsiú go hidirnáisiúnta, ní hamháin anseo in Éirinn.

Tá Fíbín sa tóir ar dhuine spreagtha, le taithí ar a laghad 10 mbliana i gcúrsaí drámaíochta, duine fuinniúil agus thar a bheith eagraithe chun ról Stiúrthóir Ealaíonta – Príomhfheidhmeannach Fíbín, an comhlacht drámaíochta Gaeilge a chomhlíonadh.

Seo a leanas liosta de na cúraimí-

  • Forbairt a dhéanamh ar stíl Fíbín don amharclannaíocht fhísiúil.
  • Cur chuige úr a chruthú i léiriú drámaí trí Ghaeilge.
  • Clár le fís ann a chruthú don chomhlacht.
  • Súil a choinneáil ar bhranda an chomhlachta.
  • Foirne cruthaitheacha a fhorbairt agus a threorú chun saothar nua a léiriú chun ceangal a dhéanamh le lucht féachana óga.
  • Camchuairteanna náisiúnta agus idirnáisiúnta a dhéanamh ón spás i gConamara.
  • Foirne léiriúcháin a threorú le dea-shampla, trí stiúradh, comhaontú, tacaíocht a thabhairt do dhaoine ar leith mar a theastaíonn sé agus léirithe a éascú.
  • Freagracht a thógáil ar spriocanna comhaontaithe agus an comhlacht a threorú chun fás.

Seo ról a dtiocfaidh fás air de réir mar a leathnaíonn Fíbín amach chun a mhisean a chomhlíonadh.

Téigh i dteagmháil le Darach Ó Tuairisg le do thoil ar 091-505855/fibin@eircom.net chun cur síos iomlán ar an bpost a fháil chomh maith le míniú ar an bpróiseas iarratais.

Spriocdháta: An Mháirt 30 Aibreán ag 5i.n

f m


Faigh an Nuacht is Déanaí ó nuachtlitir Fíbín