Cúlra

Bunaíodh Fíbín teo i 2003 agus is comhlacht é le spalladh íota do siamsaíocht. An phríomhaidhm a bhí agus atá ag an gcomhlacht i gcónaí ná – Drámaíocht siamsúil ard –chaighdeán  a chur ar súil do dhaoine óga trí mheán na Gaeilge. Go dtí seo tá 14 seó déanta ag Fíbín do pháistí agus d’éirigh leo an sprioc a bhí acu ón gcéad lá a bhaint amach i ngach ceann dó, agus tá sé seo fós ar siúil acu leis an léiriúcháin is déanaí “An Triail”.

Ainmníodh Fíbín le haghaidh duais de chuid an Irish Times / E.S.B. Theatre Awards I 2005; ba mhór an onóir sin do chomhlacht a bhí fós ina bhliain thionscnaimh. An bhliain chéanna bhaineadar amach duais ag Galway County A.I.B. Theatre Awards. Tá Fíbín faoi láthair, ag fáil maoiniú ón gComhairle Ealaíon agus i dteannta leis na gradaim thuasluaite is léir an t-aitheantas agus an t-ómós atá faighte ag an gcomhlacht de bharr a gcuid oibre.

Tá Fíbín feicthe ag breis is 100,000 páiste in Éirinn agus níl na páistí sna tíortha eile inar thaisteal siad san áireamh ansin. Choniac na céadta páistí san Albain an chomhlacht nuair a rinneadar turas cuimsitheach sna hInse Gall. Is comhartha thar a bheith dearfach go dtabharfaí cuireadh dá leithead do chomhlacht in ainneoin na bacainne teanga a bhféadfadh a bheith ann. Tuigtear go bhfuil stíl Fíbín chomh láidir sin go físiúil nach gcuireann an teanga dhifriúil isteach ar thaitheamh na ndaoine.

Comhlacht amharclainne is mó is ea Fíbín ach ar ndóigh is iomaí deis atá acu forbairt a dhéanamh i dtreo na meáin eile. Bíonn Fíbín ar seónna teilifíse go minic, go háirithe ar Phríomh-stáisiún na Gaeilge sa tír seo, TG4. Tá Fíbín anois ag súil go mór le tuilleadh forbairtí a dhéanamh ar sraith teilifíse dá gcuid fhéin.

Tá an chuid is mó daoine le Fíbín tar éis traenáil isirnáisiúnta i scileanna puipéad a fháil agus mar sin tuigeann siad go maith an méid a chuireann na puipéad leis an bhfiúntas siamsaíochta idir stáistse agus teilifís. Tá sé seo go soiléir i ngach seó a chuireann siad i láthair, go háirithe nuair a ghlacann puipéad an príomh-ról go minic cé go dteastaíonn i bhfad níos mó fuinnimh ón aisteoir é sin a dhéanamh.

San earnáil seo faigheann Fíbín  léargas maith ar céard a oibríonn leis an lucht féachana idir óg agus aosta. Is eolas an-tábhachtach é seo go mór mhór ó thaobh oideachas na bpáistí. Aidhm atá ag an gcomhlacht ná an léargas seo a úsáid chun cabhrú le teagasc ár dteanga dúchais. Ba bhreá lei an Ghaeilge a athnuachaint agus a chur chun cinn i stíl taitneamhach nua-aimseartha.