Fíbín’s version of the play by Máiréad Ní Ghráda aimed specifically at Leaving Certificate students.
Essays on the themes of “An Triail” by Máiréad Ní Ghráda.
‘An Triail’ is based in 1964. Here are some comparisons between life in 1964 and in the 21st century.
An Triail – ‘Nóinín i measc na neantóg’ (A daisy amongst nettles)
The 1964 Damer production of ‘An Triail’ differs greatly to that of Fíbín’s depiction. Fíbín use masks, puppets and and Commédia dell’Arte to depict the life of single mother Máire Ní Chathasaigh.
Society has undergone numerous social and cultural changes since 1964. Fíbín is a distinctive and inventive drama company and provides the audience with a new-age take of Máiréad Ní Ghráda’s ‘An Triail’. They want to inspire the audience with their new objective production rather than teach them a lesson.
Máiréad Ní Ghráda was a writer very much influenced by Bertolt Brecht. She wrote ‘An Triail’ in the style of Brecht.
Why did she do this and who was Bertolt Brecht?
Is dúshlán mór é ‘An Triail’ a chur stáitse mar gheall ar an stíl inár scríobhadh é. Bhí tionchar mór ag an drámadóir cáiliúil, Bertolt Brecht, ar an scríbhneoir, Mairéad Ní Ghráda. Tá go leor radharc agus carachtar sa dráma agus téann an ghníomhaíocht ó shuíomh amháin go suíomh eile an t-am ar fad. Dá bhrí sin, d’athraigh an stiúrthóir atá ag obair le Fíbín, Brendan Murray, ord reatha na radharc agus ghearr sé amach an radharc faoistine uilig. Shíl sé nach raibh sé riachtanach agus go moillíonn sé an ghníomhaíocht sa dráma. Chomh maith leis sin, ghearr sé amach codanna den script i radhairc éagsúla eile, aon rud a shíl sé nár chuidigh le scéal an dráma a ghluaiseacht chun cinn.
Toisc go bhfuil an méid sin carachtar in ‘A Triail’, agus nach bhfuil ach ceathrar aisteoirí sa chliar, tá ceithre nó cúig ról ag gach aisteoir, seachas an príomhaisteoir Kate Finegan, a ghlacann an príomhról, Máire. Baineann Fíbín leas as puipéid chomh maith chun na mioncharachtair a léirmhíniú.
Tugann sé seo éagsúlacht shuimiúil don léiriúchán agus de bhrí go bhfuil an scéal chomh trom agus brónach, glacann na haisteoirí gach deis sa dráma chun greann an scéil a léiriú. Oibríonn Fíbín sa stíl Commedia dell’Arte, le maisc agus gluaiseachtaí greannmhara, chun faoiseamh a thabhairt don lucht féachana ón bpríomhscéal sa dráma, atá fíorthrom agus casta.
Le linn aon chleachtaidh drámaíochta, ní mór don stiúrthóir cinneadh a dhéanamh, in éineacht leis na haisteoirí maidir le stíl agus cur chuige an léiriúcháin. Bheadh sé róchostasach aisteoirí a úsáid i ngach aon ról i ndráma mar seo.
D’infheistigh Fíbín i scáileán speisialta a tháinig ó Albain chun puipéadóireacht scátha a chur i bhfeidhm le linn ‘An Triail’ chomh maith.
Tugann sé gné phictiúrlainne don léiriúchán, atá difriúil agus siamsúil. Is í Máire an t-aon charachtar amháin a léirmhínítear i stíl aisteoireachta nádúrtha, agus í ag bualadh le carachtair steiréitipiciúla.
Mar gheall air sin, is amhlaidh go bhfuil an íomhá go hiomlán cosúil le brionglóid uafásach.
Tá meascán d’íomhánna ildisciplíneacha sa seó, agus is cinnte go mbainfidh lucht féachana óg an-taitneamh as. Bígí ag faire amach do na hathruithe atá déanta ag Fíbín don script bhunúsach agus déan iad a phlé i ndiaidh an dráma. Ba chóir go mbeadh sé an-chabhrach sa rang!