Éisteachtaí i gCathair na Gaillimhe

Tá Fíbín ar thóir cliar nua d’aisteoirí proifisiúnta chun roinnt páirteanna a líonadh sa dráma ‘An Triail’ a rachaidh ar camchuairt amach san fhómhar. Éisteachtaí oscailte atá iontu agus ní mór Gaeilge líofa a bheith agat agus do shuim a léiriú trí ríomhphost a sheoladh chugainn, mar atá le feiceáil thíos.

Tá sé riachtanach go bhfuil taithí aisteoireachta ag na hiarratasóirí uile. Ní mór do na haisteoirí a roghnófar a bheith ar fáil ar feadh tréimhse leanúnach 6 seachtainí le haghaidh na cleachtaí agus an chamchuairt náisiúnta ón 17 Meán Fómhair – 26 Deireadh Fómhair 2018.

Seo a leanas na sonraí: 
Dáta: Dé hAoine 27 Iúil
Ionad: Amharclann Áras na nGael, 45 Sráid Dhoiminic, Gaillimh
Am: 10r.n-2i.n
Iarratas a dhéanamh: Seol CV agus grianghraf chuig fibinteo@gmail.com roimh 20 Iúil agus tiocfaidh muid ar ais chugat le am do d’éisteacht.

f m


Faigh an Nuacht is Déanaí ó nuachtlitir Fíbín