Trigger Martin

Trigger Martin

Cur síos

Seo chugainn na hamadáin,
Seo chugainn na hóinsigh,
Na pleidhcí, na leibidí, na cloigneacháin

Le tuí is le téad,
Insíonn siad scéal
Faoi shaol rómámsúil laoch seo na nGael

Grá an fhir
D’asal is do chat,
Do bhéar, do tharbh is do mhuc

Mac an phortaigh,
Rí an Iarthair,
Sin é Risteard a rinne beart de réir a bhriathair!

 

Tá grúpa bísiúil ag dul thart agus scéal eachtrúil fhear na Gaillimhe, Trigger Martin, á insint acu. Ball uasal de Pharlaimint na hEireann agus na Breataine a throid go fíochmhar ar son chearta ainmhithe, Caitlicigh agus sclábhaithe.

Beidh Fíbín ar chamchuairt  i mí Bealtaine agus Meitheamh le “Trigger Martin”, a chruthaíodh go speisialta do lucht féachana bunscoile i gConamara stiúrtha le Veronica Coburn ó Barabbas. Chomh maith le sin beidh sé curtha i láthair i bpuball nua atá faighte ag Fíbín!

 

Faoi “Trigger Martin”

Scéal fíor é ”Trigger Martin” atá bunaithe ar na heachtraí iontacha de Richard Martin ó Chaisléan Baile na hInse, Co. na Gaillimhe. Tá rudaí dochreidte déanta aige le linn a shaoil – bhunaigh sé an chéad amharclann i nGaillimh, bhí sé mar ionadaí Chontae na Gaillimhe i Westminster, agus an rud is fhearr a rinne sé ná bhunaigh sé an RSPCA! Thug sé fiú asal isteach sa chúirt uair amháin! Ná caill amach ar ”Trigger Martin”!

Le tacaíocht ó…

AC_FUND_Theatre-300x143

Faigh an Nuacht is Déanaí ó nuachtlitir Fíbín