Tóraíocht

Tóraíocht

Cur síos

Tóraíocht ar ais ar camchuairt náisiúnta i mí Aibreán 2018.

DÁTAÍ agus IONAID Camchuairt 2018:

Town Hall Theatre, Gaillimh

Dé Luain 9ú Aibreán, 8i.n

Dé Máirt 10ú Aibreán, 1i.n & 8i.n

Everyman, Corcaigh

Dé hAoine 13ú Aibreán, 1i.n & 8i.n

Draíocht, Baile Bhlainséir, Baile Átha Cliath

Dé Máirt 17ú Aibreán, 8i.n

Dé Céadaoin 18ú Aibreán, 11r.n

Visual Carlow

Déardaoin 26ú Aibreán, 12:30i.n & 8i.n

Léiríonn Fíbín Tóraíocht – leagan nua den scéal Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne – curtha in oiriúint agus stiúrtha ag Mikel Murfi agus scríofa ag Philip Doherty. Is scéal grá lán le héachtaí aisteacha agus fathaigh é Tóraíocht a úsáideann amharcíomhánna cumhachtacha. Bogann an scéal ar aghaidh níos tapa ná haon rás carranna, léimeann an scéal níos airde ná haon léimneoir cuaille agus tá dhá oiread grá sa scéal agus a bheadh ag aon Fhrancach agus Diarmaid agus Gráinne ag déanamh iarracht a bheith céim chun tosaigh ar Fionn agus na Fianna!

Tá cliar iontach againn sa dráma – Méabh Ní Chualáin, Kate Finegan, Liz Fitzgibbon, Gráinne Bleasdale, Fionnuala Gygax, agus Seán T. Ó Meallaigh.

Beidh fotheidil Bhéarla le gach léiriú.

Seo é an Pacáiste Réamh-rannpháirtíochta do scoileanna anseo. Tá eolas ealaíne agus oideachasúil ann maidir le téamaí an dráma, stíl an dráma, dearadh seit, soilsiú agus is fiú go mór dul tríd leis na daltaí chun go mbainfidh siad oiread taitnimh agus is féidir as an seó.


Faigh an Nuacht is Déanaí ó nuachtlitir Fíbín