Stair Wars

Stair Wars

Cur síos

Chríochnaigh camhcuairt ‘Stair Wars‘ suas sa Phuball Gaeilge ag an bPicnic Leictreach i mí Meán Fómhair 2016.

Dráma nua grinn is ea “Stair Wars” stiúrtha agus scríofa ag Stephen Darcy, dírithe ar dhaltaí na Choláistí Gaeilge sa samhradh.

Is í an bhliain 2416 atá ann agus is í Éire an tír is cumhachtaí sa Réaltra tar éis do choimhthígh teagmháil a dhéanamh tríd an gcrann ag Raidió na Gaeltachta sa bhliain 2050! Tá trí spásaire Éireannach ar foluain san aer, Dara, Max agus Will ar mhisean an-speisialta.

Cliar: Catherine Denning, Daithí O Donnell agus Eddie Mullarkey.

Dátaí:

  • Coláistí Gaeilge éagsúla, Conamara, Samhradh 2016
  • An Puball Gaeilge, Electric Picnic: Dé Domhnaigh 4ú Meán Fómhair ag 4pm

Le tacaíocht ó Roinn na Gaeilge agus Ciste Dhúnlaoi mar chuid d’imeachtaí Chomóradh an Chéid ar Éirí Amach na Cásca 1916.logo-roinn-na-gaeltachta2016-mark__std_black-png
ciste-dhunlaoi-logo

Faigh an Nuacht is Déanaí ó nuachtlitir Fíbín