Sétanta

Dráma Nua le Paul Mercier / A new play by Paul Mercier

Sétanta

Cur síos

Chríochnaigh camchuairt ‘Sétanta’ suas in Amharclann an Granary i gCorcaigh i mí Bealtaine 2013!!

‘Sétanta’ – Dráma Nua le Paul Mercier

“Tá muid dochloíte. Tá gliondar ar ár gcroíthe mar tá muid ré chun an íobairt dheiridh a dhéanamh. Is fearr saol gearr mar laoch ná saol fada mar sclábhaí.” –Sétanta

An bhfuil an domhain ag titim as a chéile, le corraíl sibhialta ó Bahrain go Bhreatain? Déanann Fíbín, iniúchadh ar chliseadh an sochaí nua-aimseartha, ag baint úsáid as teicnící ilmheánacha agus maisc. Téann Sétanta ar chamchuairt náisiúnta i Mí Aibreáin 2013. Dar le Paul Mercier, an scríbhneoir agus stiúrthóir mór le rá, “Ba é ceann de na h-uaillmhian a bhí agam i gconaí dráma bunaithe ar shean-mhiotas a dhéanamh trí mheán na Gaeilge agus tá Fíbín tar éis an deis a sholáthar dom.”

Tá duaiseanna amharclainne bainte amach ag léiritheoir Sétanta Darach Ó Tuairisg agus leagann sé béim ar thábhacht an léiriúcháin leithleach seo, “Is céim dheimhneach é an comhoibriú seo ní amháin do Fíbín ach do na comhlachtaí ar fad atá ag léiriú trí mheán na Gaeilge”.

Is léiriúchán avant-garde de scéal ársa de Mhiotaseolaíocht na hÉireann é Sétanta; scéal stílithe de shaint, de chumhacht, d’éad agus de ghrá. Athbheoann Fíbín i gcomhpháirtíocht le hAmharclann na Mainistreach fínscéalSétanta agus a chara mí-ámharach Ferdia. Insíonn Sétanta scéal an bheirt ghaiscíoch faoi scáth Medb agus a ré uilechumhachtach. Scathán drámatiúil ar dhínascadh polaitiúil i dtréimhsí comhaimseartha atá ann. BaineannFíbín úsáid as teicnicí shamhlaíocha; ina measc tá físigh tarraingteacha, pleascacha, ceol cumtha go speisialta ag Mel Mercier agus beagnach 50 masc lámh-dhéanta a dhéanann an t-aicsean níos réalach. Cuirfidh Sétanta iontas agus sceitiminí orthu siúd nach bhfuil an ghaeilge ar an dtoil acu fiú.

Glaonn Irish Theatre Magazine “todhchaí de dhrámaíocht na Gaeilge” ar Fíbín.

Faigh an Nuacht is Déanaí ó nuachtlitir Fíbín