Chríochnaigh camchuairt náisiúnta agus idirnáisiúnta ‘Mac Piarais i bPictiúir‘ suas ar 23 Meán Fómhair le léiriú speisialta mar chuid d’imeachtaí Oireachtas Chois Fharraige 2016.
Léiríonn Fíbín “Mac Piarais i bPictiúir” scríofa agus leagtha amach ag Harry McGee agus Dara McGee.
Athchruthú iontach é “Mac Piarais i bPictiúir” ar Éirí Amach na Cásca in Éirinn i 1916. B’shin Éirí Amach a threoraigh grúpa beag idéalaithe a bhfuair a gcéile comhraic an lámh in uachtar orthu nuair a cuireadh chun báis a gceannairí uile. Ba é an tÉirí Amach áfach, a chur tús leis na himeachtaí a raibh neamhspleáchas mhuintir na hÉireann mar bhuaicphointe air.