Mac an Bheatha

Mac an Bheatha

Cur síos

Tá Fíbín ag cur an dráma Macbeth le William Shakespeare ar stáitse ag deireadh na míosa.  ‘Mac an Bheatha’ an t-ainm atá ar an leagan misniúil seo atá á stiúradh ag Philip Doherty.  Beidh sé seo ar an tríú dráma atá léirithe ag Fíbín ag an gceanncheathrú nua in Indreabhán ó d’oscail muid a ndoirse i mí Lúnasa na bliana seo.  Beidh an seó ar siúl chomh maith ar feadh cheithre oíche i Printworks na Gaillimhe, taobh le hoifigí an Connacht Tribune.

San insint seo ar scéal Shakespeare, tagann scata fíor-náisiúnaithe foréigneacha le chéile i gclub oíche faoi rún don scéal seo faoi dhúnmhárú, ciontacht agus díoltas a léiriú.   Seo hé Macbeth á shamhlú as an nua ag Fíbín mar ghig ina dtumtar an lucht féachana isteach i ndomhan uaillmhianach gan dlí, áit nach labhraítear ach Gaeilge amháin.
Le tairngreachtaí triúr cailleacha punc-miotail & griogadh a bhean chéile (Liz Fitzgibbon) fáisctear an drochfhuadar atá istigh san saighdiúr seo, Mac an Bheatha (Lochlann Ó Mearáin) chun ceannaire an rialtais nua a mharú chun an chumhacht a thógáil uaidh.

DÁTAÍ & IONAID
Dé Sathairn 23 Samhain & Dé Domhnaigh 24 Samhain – Halla an Tulaigh, Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe
Ticéid le cur in áirithe ar Eventbrite anseo 

Dé Céadaoin 27 Samhain – Dé Sathairn 30 Samhain –  Printworks, 15 Sráid an Mhargaidh, Cathair na Gaillimhe.
Ticéid le cur in áirithe ar Eventbrite anseo

Má chaill sibh amach ar an dráma deiridh le Fíbín ‘House Party’, féach blaiseadh dó anseo

Faigh an Nuacht is Déanaí ó nuachtlitir Fíbín