Jeramee, Hartleby agus Oooglemore

Jeramee, Hartleby agus Oooglemore

Cur síos

Tá Jeramee, Hartleby agus Ooglemore cois trá. Tá go leor ag tarlú – caitheann Hartleby go leor ama ag tabhairt orduithe agus é ag iarraidh an áit is fearr ar an trá a aimsiú. Tosaíonn Oooglemore ag damhsa agus ag déanamh gaisce ach buaileann sé an liathróid go róchrua, cailleann sé é agus milleann sé an cluiche. Imíonn Hartleby leis agus é crosta. Cuireann Jeramee gach rud ina cheart arís.

Baineann Jeramee, Hartleby agus Oooglemore sásamh agus só as a soineantacht álainn agus as a n-amaideacht aoibhinn féin. Tagann an triúr seo le chéile agus neart le rá acu ach gan ach trí fhocal acu lena rá.

Dátaí agus ionaid ag teacht go luath!

Faigh an Nuacht is Déanaí ó nuachtlitir Fíbín