House Party

House Party

Cur síos

‘House Party‘ le Fíbín – Seó Saor in Aisce Amuigh Faoin Aer ar Oíche Chultúir

Tar éis chomh maith agus a d’éirigh le ‘Cath na Ceathrún Rua’ le déanaí, tá
Fíbín ar ais, faoi stiúir Philip Doherty, le hoíche mhór eile amuigh faoin
aer, mar chuid d’imeachtaí Oíche Chultúir na bliana seo i nGaeltacht Chonamara.

*House Party* atá á thabhairt ar an ócáid spleodrach seo, le damhsa opera
agus ballet ‘punk’, uair go mbeidh fiántas an chóisir tí á léiriú go
healaíonta le ceol clasaiceach.

Tarlaíonn an t-aicsean ar fad taobh istigh de theach dhá stór, uair go
bhfuil grúpa raibiléirí óga ag déanamh a mbealach ar ais ar chóisir ina
bhfuil gach uile cineál fiántas ar siúl ann – ach fós tá áit ann do scéal
grá.  Cuirfear rudaí as rocht a thuilleadh leis an gcodarsnacht idir
gháirsiúlacht na raibiléirí agus ceol aoibhinn Bach, Gershwin, Groove
Armada agus neart eile – uile léirithe go healaíonta ag Eoin MacDonncha.

20 Meán Fómhair | 9.00in | Oíche Chultúir

Ionad:  Fíbín, An Tulach, Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe.

Faoi Stiúr ag Philip Doherty

Cóiréagrafaíocht: Eoin MacDonncha

Ceol á chóiriú ag Niall Clarke

Soilsiú:  Paul Noble

Dearadh Seite agus Culaith: Philip Doherty agus Siobhán Harton

Faigh an Nuacht is Déanaí ó nuachtlitir Fíbín