Fiach Drive-in-Dráma

Fiach Drive-in-Dráma

Cur síos
DRIVE-IN-DRÁMA

FIACH 

Dráma nua le Philip Doherty

‘Téann Garda reibiliúnach sa tóir ar mhaistín áitiúil agus leanann isteach sa Domhan Thíos é’.

Ionad: Baile na hAbhann, Conamara, Co. na Gaillimhe

Lúnasa 2020

Tá ríméad ar an gcomhlacht drámaíochta Fíbín a fhógairt go mbeidh an chéad léiriú domhanda de Fiach, dráma nua le Philip Doherty, á stáitsiú sa tréimhse géarchéime seo, i ndomhan atá iompaithe bun os cionn agus é cruthaithe go speisialta d’Aois na Paindéime. Feicfidh lucht féachana, agus iad ag suí ina gcarranna féin, an Garda sa tóir ar charr éalaithe i scéal atá lán de ghrá, de phaisean agus de spiorad an duine.

Beidh an léargas áiféiseach seo taobh amuigh, le ceol beo, soilsiú spleodrach, éifeachtaí speisialta agus scáileán mór, ag glacadh ionspioráide ó mhiotais ársa Orpheus agus Eurydice agus An Toraíocht.

Faigh an Nuacht is Déanaí ó nuachtlitir Fíbín