Cath na Ceathrún Rua

Cath na Ceathrún Rua

Cur síos

Oifigí nua Fíbín ar tí oscailt le mórléiriú físiúil amharclannaíochta amuigh faoin aer ‘Cath na Ceathrún Rua’

 Tá an comhlacht drámaíochta Gaeilge Fíbín chun mórléiriú lasmuigh ina spás nua buan ar an Tualch a stáitsiú ar an gCéadaoin 21 Lúnasa le linn ócáid cheiliúrtha oscailt oifigiúil na n-oifigí nua ar an Tulach. Seo seó scríofa agus stiúrtha ag stiúrthóir ealaíne nua Fíbín, Philip Doherty faoi ‘Cath na Ceathrún Rua’. Seó atá bunaithe ar fhíorscéal a thit amach sa mbliain 1880, uair ar chuir tionóntaí Éireannacha stop le díshealbhú den chéad uair riamh i stair na tíre.

Tá muintir Chaitlín, páirt an amhránaí agus an cheoltóra Róisín Seoighe ar tí bás a fháil leis an ocras. Trí voodoo na drámaíochta, aiséireoidh a sinsir ó na mairbh, iad siúd a cailleadh sa nGorta Mór, agus spreagfaidh siad Caitlín leis an bpobal a tharraingt le chéile agus an fód a sheasamh i gcoinne na dtiarnaí talún. Tiocfaidh na daoine le chéile, le pící, le sluaiste agus le fóid mhóna ar lasadh acu agus cuirfidh siad stop le díshealbhú i gcoinne na bPeelers a bhfuil gunnaí ina seilbh acu. Ba é seo an gníomh a chuir splanc faoin tine le Saoirse a bhaint amach d’Éireann…agus a spreag na glúnta ar fud an domhain ina dhiaidh sin le muinín a chuir i nglór na hagóide agus i gcumhacht na ndaoine.

Cuirfear an domhan áiféiseach seo i láthair go físiúil agus go drámatúil, blaosc atá chomh mór le teach is ea an reilig, pubal mór sorcais is ea cathair Londain agus taibhse Michael Davitt ina scéalaí, i nglór an aisteora Eoghan O’Riada. Beidh foireann aisteoirí ghairmiúil, lena n-áiritear Eoin Geoghegan agus Micheál Ó Dubhghaill páirteach sa seó i dteannta aisteoirí pobail fuinniúla amaitéaracha. Déanfaidh an mór-dhán ceoldrámaíochta seo ceiliúradh ar ár dteanga, ar ár stair agus ar ár misneach. Agus ionspioráid á tógáil ó fhórsaí ársa na trodaíochta, déanfaidh an léiriú seo teanga, gníomh agus ceol a mheascadh ar son na scéalaíochta. Tá an ceol don léiriú seo cumtha ag Alain Halimi.

Cuirfidh Fíbín tús leis an seó pobail saor in aisce seo ar an gCéadaoin 21 Lúnasa agus beidh deis ag an bpobal an seó a fheiceáil an oíche dár gcionn agus arís an oíche Aoine 23ú ag 9 san oíche. Tá na léirithe uile saor in aisce ach ní mór ticéid a chur in áirithe ar Eventbrite roimh ré. Bhí Fíbín ag ceiliúradh cúig bliana déag ar an bhfód anuraith agus dár le Stiúrthóir Bainistíochta Fíbín, Darach Ó Tuairisg is tús le ré nua do Fíbín agus do dhrámaíocht na Gaeilge atá san athlonnú chuig an spás buan seo i gcroílár Ghaeltacht Chonamara agus tá Fíbín an-bhuíoch don Chomhairle Ealaíon agus d’Ealaín na Gaeltachta as ucht tacú leis an léiriú nua seo.

Faigh an Nuacht is Déanaí ó nuachtlitir Fíbín