An Triail

An Triail

Cur síos

[/vc_column_text][/vc_column][/vc_row]

Míle buíochas leis na scoileanna uile a d’fhreastail ar sheónna le linn camchuairt na bliana seo. Chonaic lucht féachana sa bhreis ar 6,500 duine an dráma le linn na camchuairte i 7 n-ionad mórthimpeall na tíre go dtí seo. Dhíol na seónna amach i gCeatharlach, i mBaile Átha Luain, i nGaillimh agus i mBaile Átha Cliath. Tá muid thar a bheith buíoch do na múinteoirí agus na daltaí as an tacaíocht agus bhur ndílseacht bliain i ndiaidh bliana.

Cláraigh le Nuachtlitir Fíbín chun na scéalta is déanaí a fháil díreach chuig do ríomhphost maidir le dátaí chamchuairt na bliana seo chugainn, sin chomh luath agus a fhógrófar iad!!

Tá An Triail ar ais ar stáitse san Axis i dtús mhí na Nollag le sé léiriú speisialta ar an Mháirt 5ú agus an Chéadaoin 6ú Nollaig mar thoradh ar sheónna a cuireadh ar ceal de bharr Spéirling Ophelia an mhí seo caite. Ticéid le fáil ón Axis ar 01 – 883 2100

Léiríonn Fíbín ‘An Triail’ le Máiréad Ní Ghráda, an dráma clasaiceach Nua-Ghaeilge. Seo leagan ar leith de ‘An Triail’ i stíl Fíbín! Téann Fíbín i ngleic le ceisteanna a ardaíonn múinteoirí agus scoláirí araon, trí phlota a bhreathnaíonn as dáta a thabhairt isteach i gcomhthéacs sochaí nua-aimseartha ag baint úsáid as puipéid, maisc, radhairc tharraingteacha agus léirithe daonna chun lucht féachana óg, ach go háirithe a mhealladh ar bhealach a thagann le saol na linne seo agus gur féidir teacht ar seó go héasca. Téann an léiriú seo i bhfad lasmuigh den nádúr dubh agus bán atá sa chaint agus cuidíonn an seó na constaicí san fhoghlaim a shárú le seó fuinniúil, mealltach agus greannmhar.

Ticéid: €12.50* – Múinteoirí in aisce!
*D’fhéadfadh táille áirithinte a bheith i gceist

Amanna: 10.30r.n & 12.30i.n (10r.n. & 12i.n. i gCorcaigh)

Fad an seó: 1 uair gan stad

Dátaí 2017

  • Hawk’s Well TheatreSligeach: 25ú Meán Fómhair Guth: (071) 9161 518
  • The Everyman, Corcaigh: 28ú Meán Fómhair Guth: (021) 4501673
  • BelltableLuimneach: 2ú & 3ú Deireadh Fómhair Guth: (061) 953 400
  • Visual Carlow, Ceatharlach: 5ú & 6ú Deireadh Fómhair Guth: (059) 917 2400
  • An Taibhdhearc, Gaillimh: 9ú-11ú Deireadh Fómhair Guth: (091) 563 600
  • Dean Crowe Theatre, Baile Átha Luain: 13ú Deireadh Fómhair Guth: (090) 649 2129
  • *AXIS Baile Munna, Baile Átha Cliath: 16ú-20ú Deireadh Fómhair Guth: (01) 883 2100

*Do mhúinteoirí atá ag dul i dteagmháil leis an AXIS, Baile Munna tabhair faoi deara NACH mór áirithintí a chinntiú le héarlais 20% leis an méid atá fanta íoctha 4 seachtainí ina dhiaidh sin. D’áirithintí a dhéantar níos gaire den seó, ní mór an t-íocaíocht iomlán a bheith déanta seachtain amháin roimh an dáta a cuireadh in áirithe.

AN CHLIAR 

Síofra Ní Chonluain

Seo é a céad seó ag Síofra le Fíbín, cé go bhfuil go leor aisteoireacht déanta aici ar stáitse. Tá sí díreach tar éis staidéar a dhéanamh ar Cheolamharclannaíocht san Irish College of Music Theatre i mBaile Átha Cliath, áit ar bronnadh Dioplóma i gCeolamharclannaíocht uirthi. Bronnadh 93% uirthi i scrúdú Teastas Taibheoirí an IDTA uirthi chomh maith, tar éis di onóracha a bhaint amach i nGrád 6 Cheolamharclannaíocht an IDTA. Tá sí mar bhall de Chumann Ceoil na Gaillimhe, áit a raibh páirt aici mar ‘Margot’ i Legally Blonde the Musical, le gairid. Nuair nach raibh sí ach trí bliana déag d’aois, fuair sí páirt ar an gclár teilifíse ‘Rásaí na Gaillimhe’ ar TG4 i ról ‘Áine Boland’. Tá an-áthas ar Síofra ról Mháire a ghlacadh agus tá sí ag súil go mór le dul ar stáitse le Fíbín.

Cillian Ó Donnachadha

Bhain Cillian céim amach in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (Ardscoil Cheoil agus Drámaíochta) i 2003. Is comhbhunaitheoir é ar an gComhlacht Drámaíochta Biscuits for Breakfast. Ghlac sé páirteanna sna seónna The Walthamstow Mysteries Walthamstow), Half a Cod a Day (Camchuairt ar Shasana), My English Tongue, My Irish Heart (Greenshoots Production – Camchuairt ar Shasana & Éire), Anglo The Musical (Amharclann Bord Gáis Energy), An Cearrbhach Mac Cába (Fíbín), 1798 The year of the French (Heffron Productions), Lizzy Lavelle and the Vanishing of Emlyclough (The Performance Corporation), An Triail (Aisling Ghéar), Michael Collins The Musical (Áras Ceoldrámaíochta Chorcaí )Naked Will (Biscuits for Breakfast Theatre Company)The Laramie Project  (About Face Theatre Company) agus La Cage Aux Folles (DAYMS) .D’oibrigh Cillian le TG4 ar feadh na mblianta. Ghlac sé páirteanna i BasuA Terrible Beauty, Seacht (Sraith 2-4),  agus rinne sé trí shraith le Ros na Rún i bpáirt Rhino

Gráinne Bleasdale

Rugadh agus tógadh Gráinne Bleasdale i Ros a ‘Mhíl, Co. na Gaillimhe agus bhí an-suim aici san aisteoireacht ó aois óg. Thosaigh sí ag aisteoireacht go proifisiúnta ag aois a 15 nuair a ghlac sí páirt ‘Sophie’ sa gclár Aifric, a bhuaigh 3 IFTA. Ó shin i leith, rinne sí aisteoireacht ar stáitse agus ar an teilifís, puipeadóireacht agus láithreoireacht, ina measc, Operation Transformation -10@10 (RTÉ), Déan É! (TG4), Dig In Diner (RTÉ), Saol Faoi Shráid (TG4), Mr. Mender & The Chummyjiggers (RTÉ), Barney Bunion (TG4), Groove High (TG4), Fornocht Do Chonac (An Taibhdhearc/The Abbey), Othello (Fíbín) agus An Triail (Fíbín). Bíonn sí ag stiúradh, ag aistriú agus ag déanamh thar guthú do chartúin agus bíonn sí ag casadh leis an mbanna ceoil Spats Colombo a sheinn ag Electric Picnic i mbliana.

Méabh Ní Chualáin

Thosaigh Méabh amach ag aisteoireacht sa bhliain 2009 nuair a bhí sí mar bhall den Galway Youth Theatre. Ó shin i leith, rinne sí aisteoireacht ar stáitse agus ar an teilifís. Ghlac sí páirt sa dráma Corp agus Anam faoi stiúir Dharach Mhic Con Iomaire ar TG4. Ní raibh sé rófhada ina dhiaidh sin nuair a fuair Méabh deis ról a ghlacadh sa sobaldráma Ros na Rún, ina bhfuil sí fós le feiceáil ar scáileán mar Niamh Uí Shé. Lean Méabh ar aghaidh leis an aisteoireacht le linn di céim a bhaint amach i gColáiste Phádraig sa Bhunmhúinteoireacht. Chomh maith leis sin, chríochnaigh Méabh cúrsa bliana san aisteoireacht i Bow Street i mBaile Átha Cliath an bhliain seo caite. Seo é an dara seó atá déanta ag Méabh le Fíbín.

Faigh an Nuacht is Déanaí ó nuachtlitir Fíbín