Cuireann Fíbín fáilte roimh a Stiúrthóir Ealaíne nua

Tá stiúrthóir ealaíne nua fostaithe ag Fíbín, an t-aon chomhlacht drámaíochta Gaeilge a théann ar camchuairt atá fágtha sa tír. Tá an-áthas orainn a fhógairt go bhfuil Philip Doherty, fear de bhunaidh bhaile an Chabháin le taithí na mblianta i gcúrsaí drámaíochta tagtha ar bord chun Fíbín a stiúraigh i bhforbairt drámaí Gaeilge agus iad a thabhairt ar camchuairt, ní hamháin anseo in Éirinn ach go hidirnáisiúnta chomh maith.

 

Dúirt Philip Doherty agus é ag socrú isteach ina ról nua, “Bím buíoch i gcónaí as an bpost atá agam, ag cruthú drámaí. Anois agus mé ag tabhairt faoi shaothair nua a chumadh do chomhlacht mar Fíbín i mo ról nua, is onóir mhór dhom é. Bhí meas agam i gcónaí ar stíl fhísiúil mhisniúil amharclannaíochta Fíbín, an ceiliúradh a dhéanann siad ar an nGaeilge agus fís an chomhlachta i gcroílár Chonamara aoibhinn álainn. Tá mé ag súil go mór le scéalta nua a insint chun ceangal a dhéanamh le lucht féachana nua agus seónna nua a chruthú”.

 

Scríbhneoir agus stiúrthóir aitheanta é Philip agus aithne forleathan air i gcúrsaí drámaíochta. Scríobh Philip leagan nua don scéal eipiciúil Fiannaíochta Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne a stiúraigh Mikel Murfi do Fíbín don chéad uair i 2016. Bhunaigh Philip a chomhlacht drámaíochta féin Gonzo Theatre i mbaile an Chabháin, ionad nua do dhaoine le suim i gceol, drámaí grinn agus amharclannaíocht ailtéarnach. I measc na ndrámaí eile a scríobh/a stiúir sé tá The Experience Room (Buaiteoir Ghradam Scripts Ireland 2017), The Circus of Perseverance (Féile Imill Bhaile Átha Cliath 2012 & ainmniúchán do Ghradam Stewart Parker), The Birthday Man (Féile Imill Bhaile Átha Cliath 2013), The Great Couch Rebellion (Theatre Upstairs) agus sraith drámaí aonghnímh dár teideal The Town on Stage. Tá Gradam RTÉ PJ O’Connor buaite faoi dhó aige lena dhrámaí raidió, Mysterious Ways i 2006 agus A Golden Triangle i 2013. Is déantóir scannán é Philip chomh maith a bhfuil iliomad gradaim bainte amach aige. Bhuaigh sé RTÉ Storyland i 2012 leis an dráma The Begrudgers agus bhí sé ar an BBC Talent Hot List i 2017. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí/stiúrthóir cruthaitheach ar an Spás Ealaíne i Halla Bhaile an Chabháin chomh maith, chun roinnt dá chuid gaiscí a lua.

 

Dúirt Darach Ó Tuairisg, Stiúrthóir Bainistíochta Fíbín “Tá ríméad orm go raibh muid in ann duine leis na cáilíochtaí agus an stíl fhísiúil atá ag Philip a mhealladh chuig Fíbín. Tús le ré nua do Fíbín agus do dhrámaíocht na Gaeilge é seo. Chomh maith le bheith ina scríbhneoir agus ina stiúrthóir d’ardchaighdeán, tá cuir amach ar leith aige a bheith ag obair leis an bpobal áitiúil agus tá stíl an-fhísiúil aige freisin a thagann le misean Fíbín chun drámaíocht d’ardchaighdeán a chur ar fáil do dhaoine óga. Tá mé ag súil go mór le hobair leis sna blianta beaga atá amach romhainn”.

 

Stiúraigh Philip seó sráide le Fíbín mar chuid d’imeachtaí Lóchrann Chonamara, togra de chuid Gaillimh 2020 ar an Teach Dóite le gairid agus tá sé chun mórléiriú na bliana seo Cath na Ceathrún Rua a scríobh agus a stiúradh d’oscailt oifigiúil oifigí Fíbín anseo i gConamara i mí Lúnasa. Beidh aisteoirí pobail fuinniúla amaitéaracha páirteach ann i dteannta aisteoirí gairmiúla agus teicnící nua. Cuirfidh Fíbín críoch leis an mbliain le clár leathan go maith, lena n-áirítear seónna nua mar Cóisir Tí agus Mac an Bheatha chomh maith le An Triail a thabhairt amach ar camchuairt don tríú bliain déag as a chéile. Tuilleadh eolais le teacht fúthu seo go luath!

 

f m


Faigh an Nuacht is Déanaí ó nuachtlitir Fíbín