COMÓRTAS NÁISIÚNTA EALAÍNE DON DRÁMA ‘AN TRIAIL’ 2017 

Comórtas Náisiúnta Ealaíne 

Dear póstaer A3 do dhráma Fíbín ‘An Triail’ le Máiréad Ní Ghráda! Priontálfar an póstaer agus beidh sé le feiceáil sna hionaid uile ar ár gcamchuairt. Beidh an póstaer le feiceáil ar fibin.com agus ar ár gcainéil meáin shóisialta chomh maith! Bronnfar Táibléad Android, 30 ticéad chuig ‘An Triail’ ar do rang agus seisiún príobháideach Ceisteanna & Freagraí leis na haisteoirí tar éis an seó ar an mbuaiteoir.

Scan do phóstaer agus seol é chuig margaiochtfibin@gmail.com
19 Bealtaine 2017 an dáta deiridh le haghaidh iontrálacha 

Treoirlínte don Chomórtas

  • Déan do dhearadh ar pháipéar A3
  • Úsáid péinteáil/líníocht/grianghraf nó do rogha íomhá
  • Is féidir íomhá aisti féin a úsáid nó focail agus íomhá
  • Caithfidh an íomhá a úsáideann tú a bheith bainteach leis an dráma
  • Is féidir líne/línte ón dráma a úsáid
  • Is féidir leat obair asat féin nó mar chuid d’fhoireann
f m


Faigh an Nuacht is Déanaí ó nuachtlitir Fíbín