‘Clann Lir’ – Seachtain na Gaeilge 2017

‘Clann Lir’ – Seachtain na Gaeilge 2017

Chonaic breis agus míle gasúr i Maigh Eo, i nGaillimh agus i gConamara an comhléiriú is déanaí idir Fíbín agus Áras Inis Gluaire, ‘Clann Lir’ le linn imeachtaí Sheachtain na Gaeilge na bliana seo.

Bhí an lucht féachana an-tógtha leis na seónna i ngach ionad agus thug sé deis do na gasúir cuir lena dtuiscint ar an scéal féin.

Coinnigh súil amach do ‘Clann Lir’ ag na féilte/ionaid seo a leanas sna míonna atá le teacht:

DÁTAÍ:

– 27 Aibreán: Féile na Bealtaine, Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
*Ionad Baile an Fheirtéaraigh @9:30r.n
*Halla na Feothanaí @12:30i.n

– 11 Bealtaine: 10r.n & 12i.n, Axis, Baile Munna, Baile Átha Cliath

-26 Bealtaine: Féile Chlann Lir, Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo

– 10 Meitheamh: Féile Drámaíochta Aisling Ghéar, Béal Feirste

Tá muid sa tóir ar dhearadh nua do phóstaer do chamchuairt “An Triail” an fómhar seo.

Gach eolas faoin gComórtas Náisiúnta Ealaíne anseo.

 

Sárscoil Drámaíochta Fíbín ar ais arís an samhradh seo & muid sa tóir ar scoláirí idir 15-17 bliain d’aois chun tabhairt faoin gcúrsa cónaitheach seo i gConamara ón 3-14 Iúil. Gach eolas anseo.

 

Beidh dhá fhógra mór againn daoibh i Nuachtlitir mí Aibreáin. Go dtí sin bí cinnte muid a leanúint ar na meáin shóisialta thíos:

        

f m


Faigh an Nuacht is Déanaí ó nuachtlitir Fíbín