Clann Lir – comhléiriú idir Fíbín agus Áras Inis Gluaire

‘Clann Lir’ – Seachtain na Gaeilge 2017

Tá Fíbín ag cur tús le clár 2017 le dráma nua ‘Clann Lir le Dara McGee agus Brendan Murray. Is comhléiriú é le Áras Inis Gluaire, Co. Mhaigh Eo, atá ag ceiliúradh 10 mbliana ar an bhfód i mbliana.

Tá an dráma bunaithe ar an scéal miotaseolaíochta faoi cheathrar clainne a athraíodh ina n-ealaí bána nuair a chuir Aoife, bean chéile Lir, faoi ortha dhraíochta iad. Baintear leas as bua an cheoil, bua na scéalaíochta, agus bua na healaíona sa léiriú seo chun an scéal seo a insint.

Beidh ‘Clann Lir‘ ar camchuairt i gConamara, i gcathair na Gaillimhe agus i Maigh Eo mar chuid d’imeachtaí Sheachtain na Gaeilge 2017. Tá ‘Clann Lir‘ feiliúnach do ghasúir ag gach aois.

DÁTAÍ:
1 Márta: 11r.n, Áras Inis Gluaire, Béal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo. Áirithintí – 097 81079

13 – 15 Márta: Seanscoil Sailearna, Indreabhán, Co. na Gaillimhe.
*13 & 14 Márta ag 10r.n. & 12i.n. DÍOLTA AMACH
*15 Márta ag 8i.n.

15 & 16 Márta: 10:30r.n. & 12i.n., An Taibhdhearc, Gaillimh. Áirithintí – 091 563600

Tuilleadh eolais faoi thicéid agus dátaí trí ghlaoch ar Fíbín ar 091 505855

f m


Faigh an Nuacht is Déanaí ó nuachtlitir Fíbín