‘Clann Lir’  ar stáitse sa Taibhdhearc mar chuid d’imeachtaí Sheachtain na Gaeilge 2017

An bhfuil aon imeacht pleanáilte agaibh sa scoil do Sheachtain na Gaeilge fós? 

Tá Fíbín agus Áras Inis Gluaire ag cur leagan nua den scéal ‘Clann Lir’ ar stáitse an tseachtain seo mar chuid d’imeachtaí Sheachtain na Gaeilge.

Tá an dráma bunaithe ar an scéal miotaseolaíochta faoi cheathrar clainne a athraíodh ina n-ealaí bána nuair a chuir Aoife, bean chéile Lir, faoi ortha dhraíochta iad. Baintear leas as bua an cheoil, bua na scéalaíochta, bua an damhsa agus bua na healaíona sa léiriú seo chun an scéal seo a insint. Tá ‘Clann Lir‘ feiliúnach do ghasúir ag gach aois.

Beidh ‘Clann Lir‘ ar stáitse sa Taibdhearc i nGaillimh Dé Céadaoin agus Déardaoin seo le seónna ag 10:30r.n agus 12i.n gach lá – Ticéid le fáil ach glaoch a chur ar an Taibhdhearc ar 091 563 600

Bígí linn!!

f m


Faigh an Nuacht is Déanaí ó nuachtlitir Fíbín