Ceardlann Forbairt Ghairmiúil d’Aisteoirí le Tim Crouch i gConamara 13-15 Lúnasa

Ceardlann chun Aisteoirí a roghnú do Jeramee, Hartleby agus Oooglemore!

Tá ríméad ar Fíbín a fhógairt go bhfuil siad chun ceardlann a reáchtáil i gConamara faoi stiúir Tim Crouch, stiúrthóir Jeramee, Hartleby and Oooglemore.

Tá saothar Tim do dhaoine fásta agus do dhaoine óga feicthe ar stáitsí mórthimpeall na cruinne. Chomh maith le bheith ag cumadh drámaí, tá ceardlanna múinte aige maidir le smaointe faoi lucht féachana, foirm agus insint.

Seo deis chun obair le Tim ar bhealaí praiticiúla agus teoiriciúla chun saothar a chumadh do dhaoine óga.   Tá an cheardlann seo dírithe ar aisteoirí gairmiúla a mbeadh suim acu páirt a ghlacadh sa seó agus roghnófar cliar don seó tar éis na ceardlainne. Beidh an seó ag dul ar camchuairt náisiúnta amach san fhómhar.

Seo a leanas na sonraí:

Dátaí: Dé Luain 13 – Dé Céadaoin 15 Lúnasa 2018

Ionad: Seanscoil Sailearna, Indreabhán, Co. na Gaillimhe

Iarratas a dhéanamh: Seol do CV agus grianghraf chuig fibinteo@gmail.com roimh 25 Iúil 2018

Le tacaíocht ó:

f m


Faigh an Nuacht is Déanaí ó nuachtlitir Fíbín