Cath na Ceathrún Rua

Aisteoirí óna cumainn drámaíochta áitiúla agus aon duine eile on bpobal ag teastáil do léiríu nua ‘Cath na Ceathrún Rua’ le Fíbín .

Dráma nuabhunaithe é faoi theip ar dhíbirtí a tharla ar an gCeathrú Rua i mí Eanáir 1880, eachtra fíorthábhachtach i gCogadh na Talún.

 

Tá Fíbín ag cuardach ceoltóirí, amhránaithe agus aisteoirí as na cumainn drámaíochta áitiúla i gConamara a mbeadh suim acu a bheith páirteach sa léiriú. Tá idir óg agus aosta ag teastáil don chleachtadh agus don léiriú ón 12ú – 25ú Lúnasa 2019.

 

Más duine tú le spéis san aisteoireacht/drámaíocht agus ceol, beidh éisteachtaí againn i dteach nua Fíbín i mBaile na hAbhann ar an Satharn 13ú Iúil ag 12i.n .

 

Má tá tuillleadh eolais uait faoin ócáid thábhachtach seo, téigh i dteagmháil le maire@fibin.com nó glaoigh ar 087-7997983.

 

f m


Faigh an Nuacht is Déanaí ó nuachtlitir Fíbín