Nuachtlitir Meitheamh 2013

Written by admin on . Posted in Blag, Nuacht

Fáilte chuig Nuachtlitir Mí an MheithimhFibin

Léigh faoi:

  • Sárscoil Dhrámaíochta Fíbín
  • Seó nua ’Stair na gCeilteach’
  • ‘An Rón Dall’ agus ‘An Triail’ ar fud na tíre
  • Glac páirt in ár gcomórtas Twitter agus tuilleadh scéalta!

Sárscoil Dhrámaíochta Fíbín: Eísteachtaí

Tá muid ag druidim chuig an am sin den bhliain arís ina mbeidh muid ag reachtáil Sárscoil Drámaíochta Fíbín.  Tá laethanta fada caite againn ar an mbóthar ag cuartú an 25 déagóir is fearr sa tír le páirt a ghlacadh sa dian-chúrsa aisteoireachta a bheidh ar siúl ag deireadh mí Meitheamh go dtí tús mí Iúil.  Tá muid tar éis 400 dalta ó cheann ceann na tíre ó os cionn 20 scoil agus tá muid ag roghnú an 25 aisteoir is fearr faoi láthair.  Bígí ag faire amach ar ár leathanach Facebook le roinnt físeáin a fheiceáil ó na ceardlanna i mí Iúil!

Stair na gCeilteach

Tá na smaointí ag teacht le chéile agus tá an-sceitimíní asainn faoi ‘Stair na gCeilteach‘ i Mí Meán Fomhair! Tháinig na ealaíontóirí ‘video-mapping’ ó Madrid go Gaillimh, chonaic siad ár ‘amharclann’ speisialta amuigh faoin aer i gConamara agus bhí cruinniú cruthaíoch iontach faoin seó againn. Féach ar ‘video-mapping’ anseo.

An Rón DallAn Rón Dall

Téann ‘An Rón Dall’ go Dún na nGall go dtí an baile álainn Fál Carrach ar 27 Meitheamh  2013 le haghaidh Féile an tSeanbheairice ag An Café Ildánach. Faigh ticéid ar 074 9180888. Féach ar an gclár iomlánanseo. Baintear úsáid as bua an cheoil, bua na scéalaíochta agus bua na healaíona leis an scéal tragóideach ‘An Rón Dall’ a insint.

Agus téann an gradam go dtí…

Bhuaigh Mel Mercier, cumadóir ó ‘Sétanta’, Gradam Drama Desk i Nua Eabhrac don dráma ‘Testament of Mary’, comhghairdeas Mel! Fuair Fíbín ainmniúchán sa Féile na Meán Ceilteach agus cé nach raibh an bua ‘App is Fearr’ againn, bhí muid fíor bhuíoch go raibh muid páirteach! App Fíbín le fáil ar iTunes.

An Triail – Teachers go Free!An Triail

Beidh Fíbín ar chamchuairt leis ‘An Triail’ arís i mbliana i Mí na Samhna i nGaillimh, Maigh Eo, Luimneach, BÁC agus Corcaigh. Múinteoirí saor in aisce! Sonraí ag teacht go luath ach san idirlinn tá eolas oideachasúil do dhaltaí don Ardteist le fáil anseo. Ádh mór do na daltaí na hArdteiste agus scrúduithe ar siúl acu an mhí seo!

Sétanta

An camchuairt trí mheán Ghaeilge is mó in Éirinn i mbliana! Chuamar ó thuaidh go dheas leis an seó agus táimid an-bhuíoch as gach duine a fhreastal air! Ba mhaith linn buíochas a ghabháil freisin leis an gComhairle Ealaíon, RTÉ Supporting the Arts, Ealaín na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge as an tacaíocht agus ár amharclanna iontacha – GRMMA!

Comórtas Twitter!Twitter

Tá 926 daoine ag leanúint orainn ar Twitter. ACH ba mhaith linn níos mó! Lean Fíbín ar Twitter agus nuair a shroichfimid 1,000 leantóirí, cuirfimid gach ainm isteach i raifil, agus buafaidh duine éigin t-léine. Ná déan dearmad go bhfuil leathanach Facebook freisin mar sin ‘Like’ ár leathanach! Má tá aon smaointe eile agat déan teagmháil linn ar fibinteo@gmail.com!

Sétanta – Synopsis

Written by admin on . Posted in Blag

SÉTANTAsetanta1

A brief synopsis in English 

Sétanta was a troublesome youth in Emhain Mhacha. Branded as a social deviant, he leaves the country, vowing never to return. He goes to Alban where he becomes a street fighter in the ghettos. He is discovered by Laeg, a wrestling coach, who puts Sétanta in the ring in Alban where he becomes a rising star. Laeg wants to bring Sétanta back to fight in the Hippodrome in Emhain Mhacha, the dream of every wrestler.

While in exile in Alban, Sétanta gets involved with a young female wrestler, Aoife. Their relationship is secret as Aoife is the unwilling mistress of the gangster Scotty, who controls the wrestling scene there. Sétanta also develops a friendship with Ferdia, an aspiring wrestler from Cruachan. Cruachan is a powerful state that controls the region and has a stranglehold on neighbouring Emhain Mhaca. Emhain Mhacha wants to be a free and independent state. In the ring, Sétanta and Ferdia exploit the growing tensions between their respective countries. In reality, the political situation means nothing to them.

When Sétanta gets a chance to fight in the Hippodrome in Emhain Mhaca, he leaves Alban and abandons Aoife who is pregnant with his child. Sétanta’s quest for recognition and fame is unstoppable. He becomes the world champion. He is hailed by his people. He reunites with his old sweetheart Eimear who introduces him to the liberation movement in Emhain Mhaca, who are seeking a champion for their cause.

Meanwhile Ferdia returns to Cruachan. He has given up his wrestling career and joined the armed forces. The real power in Cruachan lies with Medb and Ailill who come from two families who have been rivals for generations. The two dynasties are joined when Medb and Ailill marry. Their combined wealth and power give them supreme control of Cruachan. The marriage is soon destroyed by greed, ambition and infidelity. The old rivalry of their ancestors flares up when Medb learns that Ailill possesses a prize bull and she doesn’t. Medb will stop at nothing to find a bull equal to her husband’s.  A bull is found in Emhain Mhaca but the separatists in Emhain Mhaca will not let her have it. The bull becomes a symbol of defiance. Medb threatens war if she doesn’t get the animal. She will not be humiliated by a pack of farmers!

Emhain Mhaca is no match for the military might of Cruachan but it has a hero in Sétanta who becomes  a powerful symbol of resistance. The Hippodrome becomes the final battlefield where Sétanta, still craving fame and glory, kills his own son, kills his best friend Ferdia and then kills himself to become a martyr for a country that exiled him as an outcast.

 

Uachtarántacht an AE, Sétanta, muintir Shámach, Saint agus Cathair Chultúrtha 2013!

Written by admin on . Posted in Blag, Nuacht

Screen Shot 2013-01-02 at 10.00.11

Tá bliain mhór beartaithe ag Fíbín do 2013. Tá sé i gceist againn níos mó camchuairteanna a dhéanamh, ár lucht féachana a fhorbairt agus neart eile! 

Maraon leis na himeachtaí uile atá beartaithe againn, tá sé i gceist againn a bheith ar an mbóthar go minic i mbliana. Beidh muid ag tabhairt cuairt ar an muintir Shámach i dTuaisceart na hIorua le Rón Dall  i mí Mhárta. Beidh camchuairt náisiúnta á thabhairt ag Sétanta i mí Aibreáin agus Bealtaine agus tá áthas orainn a bheith rannpháirteach i gCathair Chultúrtha 2013 i nDoire. Beidh Saint á thabhairt chuig na meánscoileanna agus ar ndóigh beidh An Triail le feiceáil arís in amharclanna náisiúnta na tíre.

Tá áthas orainn a rá go mbeidh muid ag obair ar thogra nua le Paul Mercier agus tá muid ag súil go mór le bheith ag obair arís leis an bhfoireann iontach a d’oibrigh ar Sétanta. Beidh tuilleadh eolais faoi seo go luath.

Mar chríoch, tá fíor-riméad orainn a bheith ag obair ar seó nua don phobal mar cheiliúradh ag deireadh na bliana. Tá an togra seo á fhorbairt mar chuid d’Uachtarántacht an AE. Tá áthas orainn a bheith ag obair le Rod Goodall, Doiminic Mac Giolla Bhríde agus Improbable Films ó Maidrid. Tá muid á fhorbairt seo i dtacaíocht le hEalaíon na Gaeltachta teo agus le Comhairle Ealaíon na hÉireann.

Oh sea! Tá muid 10 mbliana ar an bhfód!!

Oíche Chultúrtha 2012

Written by admin on . Posted in Blag

 

Cá raibh tusa le haghaidh Oíche Chultúrtha na bliana seo?  Bhí sé d’ónóir againn seó a chur ar siúil sa Leuven Institute for Ireland in Europe don dara bhliain as a chéile.  Bhain muid an-taitneamh as Finscéal Fíbín – Stair ghearr de Theanga na Gaeilge a léiriú ann.  Cé nach raibh aon Ghaeilge ag cuid den lucht féachana is léir ón bpictiúr ar dheas gur bhain siad féin an-taitneamh as chomh maith!

Sárscoil Dhrámaíochta Fíbín

Written by admin on . Posted in Blag, Nuacht

D’éirigh thar cionn leis an Scéim Phíolótach de Shárscoil Dhrámaíochta Fíbín anuraidh.  Tá ríméad orainn a fhogairt go bhfuil Sárscoil Dhrámaíochta Fíbín ar ais don dara bhliain as a chéile.  Tá Fíbín ag cuartú aisteoirí óga ó cheann ceann na tíre chun páirt a ghlacadh i Sárscoil Dhrámaíochta Fíbín.

An Rón Dall – Toronto Fringe Festival

Written by admin on . Posted in Blag, Nuacht

Rón Dall – Toronto Tá fíor ríméad orm go bhfuil muid anseo i Toronto le cén de ár seónna, tá muid ag cuir an Rón Dall ar stáitse ar feadh ocht oíche thar dhá seachtain, chomh maith le sin beidh muid ag tabhairt cúirt ar Oireachtas na Gaeilge Cheanada i Erinsvile, Kingston. Ba mhaith linn á mbuíochas a gabhail le gach duine a thug cabhair dúinn é seo a dhéanamh go háirithe Cultúir Éireann a thug tacaíocht leis an taistil.

Seo leanas an ionad agus dátaí a bheas muid ar súil:

St. Vlads Auditorium, 620 Spadina Ave, Toronto.
Fri. 6th  17.15
Sat. 7th  23.30
Sun. 8th  17.45
Tues.10th 13.00
Wed. 11th 18.00
Thur.12th 13.45
Sat. 14th 20.45

Seo an líne ag dul isteach ag an seó ag an féile, bhí muid fíor sásta leis na sluaite a tháinig! Agus bhí na sluaite sásta leis an méid a chonaic siad .

All Ireland Marketing Awards + Fíbín

Written by admin on . Posted in Blag

Tá fíor áthas orainn go bhfuair Fíbín ainmniúcháin do na All Ireland Marketing Awards do 2012. Beidh sé fíor shuimiúil cén chaoi a dtiteann rudaí amach mar gheall ar na comhlachtaí móra atá sa rannóg ceanna linn, DAA, Gala Foods, Bábóg Baby agus Independant Star . Cé go nguíonn muid gach rath ar an dream seo, tá súil agam go mbeidh an bua linn ar an lá (17ú Bealtaine). Ba mhaith liom a rá chomh maith go bhfuil muid fíor bhródúil as an ainmniúcháin seo ar go leor bealaí go príomha mar gheall ar na comhlachtaí móra atá sa rannóg ceanna linn agus na buiséaid mhóra bhíonn acu chun margaíocht a dhéanamh, ní fiú trácht ar an mbuiséad a bhíonn ag Fíbín chun drámaí a chur chun cinn, ach is féidir cinnte an argóint a dhéanamh go bhfuil Fíbín ag díriú ar phobail i bhfad níos lú ná na grúpaí eile seo, ach is ea Margaíocht, Margaíocht! Ba mhaith liom ag an bpointe seo a rá gurb é Fíbín an t-aon gnó le Gaeilge atá sa rannóg seo (Margaíocht trí gnó le Gaeilge) a bhíonn ag feidhmiú trí Ghaeilge amháin cé go bhfuil gné den comhlacht i mbéarla (suíomh idirlíon). Tá muid ag súil go mór leis agus cuma céard a tharlóidh beidh oíche iontach againn agus tá mé cinnte go mbeidh cairde nua againn tar éis na oíche.

Lá na bPancóg

Written by admin on . Posted in Blag

Comhábhair
Don mheascán pancóg
110g/4oz plúr plain , sifted
3 uibheacha
200ml/7fl sreabh bainne
50g/2oz im
Vanila
Siúcra

Chun cuir air
siúcra caster
sú líomóide
líomóid dingeacha
síoróip mhailpe ( Oh Yeaaaaaa ! : ) )

Modh Ullmhú
Cuir an plúr i mbabhla mór . Anois cuir poll i lár an phlúr agus cuir na huibheacha ,Bainne, Siúcra, Vinalla isteach ann . Tosaigh ag meascadh agus meascadh aon píosaí de phlúr ó thart ar imeall an babhla.
Nuair atá sé seo déanta, fág sa gcuisneoir an meascann ar feadh 30 nóiméad, tugann sé seo deis do plúr socrú.
Tóg píosa mór im agus leá é i bpota, cuir an im leáite isteach sa meascann pancóg( ní bheadh ort a im a chuir ar an pan anois )
I gcríoch , croith gach pancóg le sú líomóide agus siúcra caster
Go hálainn !

Fíbín – Mel Mercier – Theatre Awards!

Written by admin on . Posted in Blag

Tá muid ag dul go dtí an oiche mór!!!

Tá muid sásta go mbeidh muid i measc na huaisle ag na Irish Times Theatre Awards, i mbliana leis an ainmniúcháin a fuair Mel Mercier do an dearadh fuaim is fearr do Sétanata.  Tá muid fíor bhródúil gur beidh Fíbín an t-aon comhlacht Gaeltachta agus Gaeilge a bheas i lathar.  Chomh maith le seo tá muid fíor sásta a bheadh i measc na comhlachtaí eile atá anseo i nGaillimh agus ba mhaith linn chomh-chairdegas a dhéanamh leo. Galway Arts Festival/Landmark agus ar ndóigh Druid.

Beidh an oíche mór ag tarlú ar an Domhnach 26ú Feabhra sa RHK

Bí ag faire anseo mar go mbeidh pictiúr agam ó imeachtaí na hoíche !

 


Sraith nua Raidió do Raidió na Gaeltachta “A-Rá”

Written by admin on . Posted in Blag

 

Tá fíor ríméad orainn go bhfuil muid ag deanamh sraith nua cláracha do RTÉ Raidió na Gaeltachta le tacíocht ón BAI

A – Rá

Srath nua do Raidió na Gaeltachta  8 Clár X 30 nóiméad don ard-teist

Is srath í seo ina mbeidh príomhláithreoir le tacaíocht ó dhéagóirí  ag cur clár fuinniúil ar aer do dhaoine atá ag déanamh na hardteistiméireachta. Beidh béim mhór ar ábhar cainte. Gach seachtain beidh saineolaí éagsúil sa stiúideo ag labhairt ar ghné difriúil den scrúdú  Gaeilge,  chomh maith le saol tar eis na hardteiste agus an bealach is fearr chun na spriocanna a bhaint amach.


Tá drámaíocht mar chuid láidir den tsraith , agus seard a bheas i gceist ná scéalta a chruthú a spreagfadh suim déagóra. Lonnófar na scéalta i ndomhan an déagóra agus na heachtraí a thiteann amach ina shaol a bheith mar phríomh uirlis foghlamtha na míreanna. Pléifear téamaí a bhaineann leis an duine óg i stíl, chruthaitheach, snasta agus réalaíoch agus beidh an drámaíocht mar mhodh foghlamtha na teanga. Beidh gnéithe gramadaí agus foclóra fite fuaite tríd na scéalta ar fad agus pléifear iad síos tríd an gclár.

Is gléas foghlamtha éagsúil ach oideachasúil a bheidh in úsáid sa gclár seo.