Camchuairt ‘An Triail’ 2017 – Nóta Buíochais

‘An Triail’ 2017

Ba mhaith le foireann Fíbín agus criú An Triail míle míle buíochas a ghlacadh  leis na scoileanna uile a  d’fhreastail ar sheónna le linn camchuairt na bliana seo. Chonaic lucht féachana sa  bhreis ar 6,500 duine an dráma le linn na camchuairte i 7 n-ionad mórthimpeall na  tíre go dtí seo. Dhíol na seónna amach i gCeatharlach, i mBaile Átha Luain, i nGaillimh agus i mBaile Átha Cliath. Tá muid thar a bheith buíoch do na múinteoirí agus na daltaí as an tacaíocht agus bhur ndílseacht bliain i ndiaidh bliana.

Tá An Triail ar ais ar stáitse san Axis i mBaile Munna i dtús mhí na Nollag le sé léiriú speisialta ar an Mháirt 5ú agus an Chéadaoin 6ú Nollaig mar thoradh ar sheónna a cuireadh ar ceal de bharr Spéirling Ophelia an mhí seo caite. Murar éirigh leat an dráma a fheiceáil an mhí seo caite bígí cinnte nach gcaillfidh sibh amach air i mí na Nollag.

Ticéid le fáil ón Axis ar 01 – 883 2100

COSTAS: €12.50 (D’fhéadfadh táille áirithinte a bheith i gceist) agus téann múinteoirí in aisce!

DÁTA: Dé Máirt 5ú & Dé Céadaoin 6ú Nollaig

AM: 10r.n, 12i.n & 2i.n.

FAD: 1 uair

Téigh anonn chuig leathanach ‘An Triail’ le haghaidh gach eolas eile

f m


Faigh an Nuacht is Déanaí ó nuachtlitir Fíbín