Camchuairt ‘Tóraíocht’ – Aibreán 2018!

Tá Fíbín ag ceiliúradh 15 bliain ar an bhfód i mbliana agus muid ag tabhairt an dráma ‘Tóraíocht’ amach ar camchuairt náisiúnta i mí Aibreán mar chuid de chlár na bliana. Léireofar an dráma i nGaillimh, i gCorcaigh, i mBaile Átha Cliath agus i gCeatharlach. Seo leagan nua den scéal eipiciúil Fiannaíochta ‘Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne‘, scríofa ag Philip Doherty agus stiúrtha ag Mikel Murfi.

Tá foireann cumasach de sheisear sa chliar, Gráinne Bleasdale, Méabh Ní Chualáin, Kate Finegan, Liz Fitzgibbon, Fionnuala Gygax, agus Seán T. Ó Meallaigh. Seisear aisteoirí a léiríonn breis agus tríocha carachtar, trí athrú isteach agus amach as maisc. Léiriú thar a bheith fisiciúil é ‘Tóraíocht’ le hathruithe sciobtha, fearais ollmhóra, maisc agus dreas damhsa aeróige álainn a bhainfeadh an anáil díot. Tá neart grinn sa chaint agus le linn an dráma le radharc an-bheoga, mothúchánach ag an deireadh.

Is annamh a fhaigheann comhlacht Gaeltachta an deis dul ar camchuairt náisiúnta agus tá muid ar bís go bhfuair Fíbín tacaíocht ón gComhairle Ealaíon i mbliana.

Cuir bhur dticéid in áirithe anseo. Tá léirithe speisialta le linn am scoile i ngach ionad chun freastal ar ghrúpaí scoile. Tá an seó feiliúnach d’aoisghrúpa 12 bliain d’aois ar aghaidh! Féach blaisín anseo den léiriú!

f m


Faigh an Nuacht is Déanaí ó nuachtlitir Fíbín