An gearrliosta fógartha do Ghradam Joe Steve

Tá sé fógartha inniu ag Fíbín, i gcomhar le RTÉ Raidió na Gaeltachta, gurb iad Susanne Colleary, Seán Ó Dubhchon agus Eoin Ó Dubhghaill an triúr drámadóirí a bheas san áireamh do Ghradam Joe Steve.

Gearrdhrámaí Gaeilge, bunaithe ar scéalta miotais nó stairiúla na hÉireann, atá i gceist leis an ngradam seo agus rachaidh Susanne, Seán agus Eoin i mbun oibre anois leis na moltóirí Philip Doherty (Stiúrthóir Ealaíne le Fíbín), Cillian Ó Donnachadha (Léiritheoir Fíbín) agus Seán Ó hÉanaigh (RTÉ Radio na Gaeltachta), chun a gcuid scripteanna a fhorbairt.

Nuair atá na scripteanna curtha i gcrích, déanfar taifead ar na drámaí ar stáitse na Taibhdheirce, ag teacht le treoracha sláinte agus sábháilteachta an HSE.   Is iad Fíbín a léireoidh na drámaí, agus craolfar ansin iad ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Beidh €500 mar phríomhdhuais don dráma a mbronnfar Gradam Joe Steve air, agus bronnfar dhá dhuais thánaisteacha €200 freisin.

Is múinteoir bunscoile é Seán Ó Dubhchon, ó Mhachaire Rabhartaigh i nGaeltacht Thír Chonaill ó dhúchas, ach atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath faoi láthair.  Is craoltóir raidió é le Raidió RíRá agus Raidió na Life.  Tá píosaí iriseoireachta leis foilsithe in irisleabhair ar nós Comhar, Foinse agus An tUltach, agus tá duaiseanna liteartha Oireachtas na Gaeilge buaite aige dá shaothar.  Is imlíne do dhráma bunaithe ar scéal Oisín i dTír na nÓg, sa saol nua aimseartha, atá istigh ar an ngradam ag Seán.

Is as Coill Rua Thoir in Indreabhán do Eoin Ó Dubhghaill, agus tá sé ag cur faoi sa cheantar sin go fóill. Tá taithí aige a bheith ag aisteoireacht ar an ardán agus ar an scáileán le deich mbliana anuas i dtograí éagsúla as Gaeilge agus as Béarla, ina measc an sobaldráma Ros na Rún.  Tá drámaí scríofa agus léirithe aige le Fíbín, An Taibhdhearc, Mumbro Top, Fizz and Chips Theatre Company agus High Rock Productions.  Tá Eoin ag obair ar dhráma a thagraíonn do scéalta béaloideasa, go háirithe an mhaighdean mhara agus an ceangal daonna le rónta, don ghradam.

Is as Baile Easa Dara i gCo. Sligigh ó dhúchas do Susanne Colleary, agus tá sí fós ag cur fúithi sa chontae sin, i gCúil Áine.  Is léachtóir le drámaíocht í i gColáiste na Tríonóide í faoi láthair, agus bíonn sí ag léachtóireacht freisin san Institiúid Teicneolaíochta, Sligeach.  Tá spéis faoi leith ag Susanne i gcúrsaí grinn, agus tá dhá leabhar scríofa aici ar an ábhar sin.   Tá drámaí scríofa aici freisin, agus bíonn sí le cloisteáil i mbun léirmheastóireacht ar dhrámaí, agus i mbun aistí raidió, ar an gclár ealaíon Arena ar RTÉ Raidió 1 ó am go ham. Saothar greanntraigéide (tragicomedy) atá i gceist sa dráma atá Susanna Colleary ag obair air don ghradam, bunaithe ar bheirt bhan, agus tagairtí sa téacs do Bhéaloideas na hÉireann.

Tá an gradam seo ainmnithe do dhuine de shár-dhrámadóirí ár linne, Joe Steve Ó Neachtain, a cailleadh i mí Eanáir na bliana seo.

Tá Fíbín ar an gcomhlacht drámaíochta Gaeilge is mó agus is gníomhaí in Éirinn.  Tá siad lonnaithe sa Tulach i gceantar Chois Fharraige i gConamara.

Is iad RTÉ Raidió na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta agus An Taibhdhearc na hurraitheoirí ar an Ghradam Joe Steve.  Is iad Fíbín atá ag reáchtáil an chomórtais.

f_admin


Faigh an Nuacht is Déanaí ó nuachtlitir Fíbín