Aisteoirí ag teastáil do mhórléiriú nua

Tá Fíbín ag léiriú dráma amuigh faoin aer i mí Lúnasa agus tá muid ag lorg 100 duine le bheith páirteach sa léiriú stairiúil seo faoi Chath na Ceathrún Rua, scéal faoin gcéad uair ar éirigh le pobal stop a chur le díshealbhú na ndaoine i mí Eanáir 1880.

Tá aisteoirí & daoine gan aon taithí aisteoireachta ag teastáil don léiriú agus tá fáilte roimh gach aoisghrúpa.

Má tá suim agat ann nó aithne agat ar aon duine ar mhaith leo páirt a ghlacadh sa seó, tar chuig Seomra 105 i mBloc 2 (an foirgneamh dhá stór) san Acadamh @7 i.n. De Céadaoin 31 Iúil.

Tuilleadh eolais le fáil ó maire@fibin.com 

f m


Faigh an Nuacht is Déanaí ó nuachtlitir Fíbín