Finscéal Fíbín
Coláiste Chillian
20/3/2012
“Bhí an dráma “Finscéal Fíbín” an mhaith agus bhí muid an-sásta leis. Bhain na dáltaí an-taitneamh as.”
Scoil Chuimsitheach na Páirce Dhubh
20/3/2012
“Bhain na daltaí – agus na múinteoirí an-sult as an dráma. Faraor, níl traidisiún na Gaeilge ró-láidir sa scoil seo againne, agus chomh luath is a chuala siad gur dráma trí mheán na Gaeilge a bhí ann bhí leisce orthu dul.
Bhí thart ar 120 dalta againn ag an gcéad seó ach chomh luath is a bhuail siad leis na daltaí eile ag am sosa bhí scuaine ann chun ticéid a cheannach don dara seó agus bhí orainn breis suíochán a chur isteach.
Thóg na haisteoirí na daltaí leo agus choimeád siad a gcuid suime tríd an stíl idirghníomhach a bhí acu agus trí ‘úsáid’ a bhaint as na ‘namhaid chomónta’ – na múinteoirí!
Comhghairdeas do gach duine a raibh baint acu leis an dráma. Seó den scoth. Mholfainn go mór é agus táim ag súil le cuairt uaibh arís an bhliain seo chugainn do Sheachtain na Gaeilge.”
Eureka
22/3/2012
“Bhaineamar go léir fíor taitneamh as Finscéal Fíbín. Bhí sé iontach beomhar agus lán le fuinneamh. Táimid uilig ag tnúth go mór le bhur gcéad seó eile.”
Pobalscoil Chorca Dhuibhne
24/03/2012
“Bhaineamar i bPobalscoil Chorca Dhuibhne ana thaithneamh as an léiriú iontach. An t-aon rud a dúirt cúpla duine des na múinteoirí ná go mbeadh sé níos oiriúnaí do bhliain a 2 suas.”
AMHARCLANN ÓIGE
PÓL Ó MUIRÍ, Eagarthóir Gaeilge
“AMHARCLANN NÁISIÚNTA na n-óg atá uainn,” a dúirt comhstiúrthóir an chomhlacht drámaíochta Fíbín, Mícheál Ó Domhnaill, leis an cholún seo Dé Luain.
Mhol sé don Rialtas go mbeadh amharclann den chineál seo mar sprioc sa straitéis 20 bliain.
Agus Sárscoil Drámaíochta Fíbín críochnaithe, dúirt sé gur léir dó go raibh “córas agus infrastruchtúr” agus “neart tallainn” ann le hamharclann náisiúnta óige a bhunú d’aisteoirí na Gaeilge.
25 déagóir idir 15 agus 17 bliain d’aois a ghlac páirt sa scéim phíolótach seo ag tús Iúil faoi stiúir Paul Mercier, stiúrthóir na sraithe, Aifric, ar TG4.
Fuair na haisteoirí oiliúint ar chúrsaí drámaíochta ar stáitse agus os comhair an cheamara agus “dea-chomhartha” do dhrámaíocht na Gaeilge a bhí ann caighdeán na haisteoireachta, a dúirt Ó Domhnaill.
Sa chás go raibh amharclann náisiúnta óige ann, beadh deis ann scríbhneoirí óga a ghríosú i mbun pinn lena gcuid scéalta féin a insint agus aisteoirí óga a chur ar stáitse leis na scéalta sin a chur os comhair an phobail.
Sa bhliain 2003 a bunaíodh Fíbín i gConamara agus é mar chuspóir acu drámaí ar ardchaighdeán a chur ar fáil don mhuintir óga. Tá 20 léiriúchán déanta acu ó shin a bhí dírithe ar lucht bunscoile agus meánscoile.
Ba é a mhian anois tógáil ar an obair a bhí déanta, an dara sárscoil a reáchtáil agus féacháil le drámaí a stáitsiú d’fhéile ealaíon le go bhfeicfeadh pobal na hÉireann tallann na hóige.
Irish Theatre Magazine
Ray Yeates describes the Connemara-based company, Fíbín, as “the closest to what I think the future is.” Founded in 2003, Fíbín – which means “an explosion of joy and happiness” – grew straight out of TG4. Its founder, Darach Ó Tuairisg, was recruited to go on a course to create live-action puppetry links for the Irish version of The Hoobs, and was taught by Jim Henson’s company. He got together with people such as Rod Goodall (ex-Footsbarn theatre company) and the ace mask-maker, Matthew Guinnane.
Ó Tuairisg says he is up against the negativity caused by theatre done in Irish “for the sake of it”: “The dresser in the corner. Crap.” Fíbín’s productions have included the recent An Rón Dall (The Blind Seal), a version of a Mayo folktale, using original music by Vinnie Kilduff and visuals by artist Dara Mc Gee. The show has been invited to France and Belguim. They are about to tour two adaptations, An Cearrbhach Mac Cába and Fiche Bliain ag Fás (tour dates on www.fibin.com). Fíbín have also commissioned Paul Mercier to write a version ofAn Táin for them – Mercier founded the English-language theatre company Passion Machine in the 1980s. Mercier also wrote the cutting-edge teen soap Aifric for TG4, produced by Mícheál Ó Domhnaill, who has recently joined Fíbín.
None of Fíbín’s work is in Playography na Gaeilge, because it is categorised as puppetry, which is not included. Yet the work uses many media, in fact, as well as puppetry, and, in any case, why should puppetry be excluded? If Fíbín’s work were included, the whole picture would look different. The Playography is not definitive, however; it is organic, and if there were no shouts that something had been left out, it would be a sign that no-one was breaking any boundaries. Instead, the creative people within theatre through Irish are refusing to play by any rules.
“Nothing can ever be done for the sake of it. Ever,” says Clíodhna Ní Anluain. “All that matters is the energy and vision of the creative person and their need to do it. Sin é mo scéal.”
FÍBÍN RETURNS WITH AN TRIAIL
Galway Advertiser, March 16, 2011.
By Kernan Andrews
FÍBÍN IS bringing its acclaimed stage adaptation of An Triail to the Black Box Theatre on Monday and Tuesday at 10.30am and 1.30pm.
The show is part of Fíbín’s nationwide tour for schools and is particularly aimed at Leaving Cert students.
Fíbín is promising audiences “An Triail as you’ve never seen it before” with puppets, masks, and engaging visuals, while addressing issues in the text highlighted by both teachers and students.