2016 -Leath bealaigh tríd an bhliain cheana féin!!

fibin

Tá cúpla mí thar a bheith gnóthach curtha againn dhínn i Fíbín agus ní stopann sé ansin! Tá neart fós fágtha sa dialann don chuid eile den bhliain….

Tá foireann aisteoirí roghnaithe againn don dráma nua ‘Tóraíocht’, á stiúradh ag Mikel Murfi a bheidh á léiriú in Amharclann an Black Box i nGaillimh i mí na Samhna. Tá aisteoir a bhfuil gradam IFTA bainte amach aige Dara Devaney i measc an fhoireann de sheachtar chomh maith le Seán T. Ó Meallaigh, Jonathan Gunning, Fionnuala Gygax, Lesley Conroy, Liz Fitzgibbon agus Kate Finegan! Tá an-ríméad orainn a bheith ag obair le foireann chomh cumasach agus tá muid ag súil go mór le bheith ag obair ar an léiriú seo.

Tá ag éirí go hiontach le camchuairt Mac Piarais i bPictiúir anseo sa bhaile agus thar lear. Tá sé feicthe ag breis agus 3,500 duine ó sheol muid é i gConamara i mí Márta. Tá an léiriú tar éis taisteal go Meiriceá agus Ceanada chomh maith le Baile Átha Cliath, an Iarmhí, go Maigh Eo, Dún i nGall agus ar ais go Conamara arís agus geit bainte as daoine leis an gcasadh mór ag an deireadh! Tuilleadh dátaí anseo.

Tá ár gcamchuairt le Stair Wars ar na Coláistí Gaeilge i gConamara ar siúl go fóill. Tá an léiriú nua seo scríofa agus stiúrtha ag Stephen Darcy feicthe ag breis agus 5,000 duine óg ó gach cearn den tír le dhá mhí anuas. Bhain na scoláirí uile an-taitneamh as an dráma go mór mór an radharc nuair a roghnaítear duine as an lucht féachana chun dul ar stáitse!

D’éirigh go hiontach leis an gcomórtas dearadh póstaer don dráma ‘An Triail’ a reáchtáil muid níos luaithe sa bhliain – is iontach a fheiceáil go bhfuil oiread cumas ealaíne sa ghlúin óg amuigh ansin! Beidh buaiteoir á roghnú againn go luath i mí Meán Fómhair agus beidh sé deacair buaiteoir a roghnú, gan dabht!

Tá suíomh gréasáin nua díreach seolta againn www.fibin.com, áit a bhfaighidh tú eolas ar dhátaí léirithe, ticéid agus an nuacht is déanaí. Ba bhreá linn aon aiseolas atá agaibh a chloisteáil!

f_admin


Faigh an Nuacht is Déanaí ó nuachtlitir Fíbín